Áit(eanna) na mBan in Éirinn an lae inniu

An 8ú Márta, 2024


Inniu Lá Idirnáisiúnta na mBan. Is lá é seo nuair a dhéantar ceiliúradh ar na héachtaí atá bainte amach ag mná agus cailíní i ngach cuid den saol. Is lá é fosta nuair a smaoinímid ar áit na mban agus ar áit na bhfear sa saol agus ar na háiteanna nach mbíonn na seansanna céanna ná na cearta céanna acu.


Ar an chéad amharc, b’fhéidir go sílfeá go bhfuil na cearta céanna ag gach duine in Éirinn anois – go háirithe i gcomparáid le roinnt tíortha eile ar domhan. Ach má amharcann tú níos géire ar an scéal – tá go leor bearnaí go fóill le tabhairt isteach – cúrsaí pá, mar shampla, nó na cineálacha post a dhéanann fir agus mná, nó bearnaí i saol an spóirt. Ar an dea-uair, tá na bearnaí sin ag éirí níos lú, go fiú más go mall féin é, ach tá go leor oibre go fóill le déanamh.

Ar an mheán, saothraíonn na mná níos lú airgid ná na fir, cé go ndéanann siad an obair chéanna


An fhadhb atá ann ná go raibh na bearnaí chomh mór sin, riamh anall, nach dtugaimid faoi deara iad in amanna, cé go bhfuil siad gach áit thart timpeall orainn. 

Smaoinigh ar na hainmneacha atá thart timpeall orainn – na hainmneacha a thugaimid ar shráideanna agus bóithre, mar shampla. Ó thaobh dhaonra na hÉireann de, tá an pobal scartha, a bheag nó a mhór 50-50, maidir le fir agus mná. Le fírinne, tá níos mó ban ná fir ann sa tír, ach ní shílfeá sin, ó bheith ag amharc ar ainmneacha na sráideanna agus na ndroichead agus ó bheith ag amharc ar na dealbha atá le feiceáil sna bailte s’againn.

1000 sráid i mBaile Átha Cliath ach gan ach 27 acu ainmnithe as mná!


Sráid Uí Chonaill; Sráid an Phiarsaigh, Stáisiún Uí Chonghaile, Ascaill Ghríofa, Ardán Phrionsa na Breataine Bige, Sráid Thomáis – fir uilig!


Rinne fear darb ainm Conor O’Neill taighde ar shráidainmneacha Bhaile Átha Cliath, mar shampla. Fuair sé amach, as 936 sráid, nár ainmníodh ach 27 acu as mná! Agus go fiú ansin, as an 27, ba as naoimh ón seanam nó ó thíortha eile iad 17 de na sráideanna agus ainmníodh 6 shráid eile as banríonacha nó mná saibhre as Sasana! Níor ainmníodh ach 4 shráid as fíormhná de chuid na hÉireann a rinne éacht éigin sa saol! As na dealbha uilig i mBaile Átha Cliath, ní dhéanann ach 13% acu comóradh ar mhná! 

Ceann de na dealbha is clúití i mBÁC – Molly Malone ach níl a fhios againn go fiú an fíordhuine a bhí inti!

Is fiú droichead amháin, go háirithe, san ardchathair a lua. Ainmníodh Droichead na Banríona Méabh as duine de na mná ba chlúití agus ba láidre riamh i seanstair na hÉireann. Ainmníodh an droichead as Méabh, banríon as Connachta, in 1922. Ach shocraigh an rialtas (arbh fhir iad uilig) in 1942 ainm an droichid a athrú le comóradh a dhéanamh ar fhear a fuair bás le linn Chogadh na gCarad, Liam Ó Maoilíosa (nó Liam Mellows, mar is fearr aithne air)!

Droichead Uí Mhaoilíosa ach tugann cuid mhór daoine Droichead na Banríona Méabh air go fóill


An dtig linn rud ar bith a dhéanamh leis an scéal seo a dhéanamh níos cothroime? I gcás cuid mhaith de na hainmneacha, ní thig, le fírinne. Tháinig siad anuas chugainn ón stair agus is cuid den saol iad anois, agus tá daoine cleachta leo. Ach bíonn cásanna ann nuair a athraímid ainmneacha sráideanna más rud é go ndearna an duine drochrudaí sa stair – daoine a choinnigh sclábhaithe, mar shampla. Má bhíonn aon sráideanna le hathainmniú againn, thiocfadh linn iad a ainmniú as mná Éireannacha.

Ar an dea-uair, tá rudaí ag athrú. Seo Droichead Mháire Mhic Giolla Íosa, thar abhainn na Bóinne. Ainmníodh é in ómós d’iar-Uachtarán na hÉireann, Máire Mhic Giolla Íosa, as Béal Feirste


Agus, ar ndóigh, ag amharc i dtreo na todhchaí – agus muid ag meabhrú ar shráidainmneacha nó dealbha amach anseo – tá go leor samplaí de mhná iontacha a chuir go mór, agus a chuireann go mór, le saol na hÉireann, ba cheart dúinn a chomóradh. Tugaimis a n-áit cheart dóibh!

Ar mhaith leatsa Sráid Katie Taylor a bheith ann sa bhaile s’agatsa?


B’fhéidir go bhfuair na mná margadh níos fearr ó thaobh logainmneacha de san am atá caite.

Mar shampla, ainm na tíre – Éire – tháinig sin ón bhandia Éiriú. In amanna, úsáideann daoine BanbaFódla agus iad ag caint ar Éirinn – mná eile, deirfiúracha Éiriú, mar a tharlaíonn sé.

Éiriú, Banba agus Fódla. Tugtar ‘Banba’ nó ‘Fódla’ ar Éirinn i gcuid mhór scéalta



Tá go leor ainmneacha eile againn a léiríonn baint éigin le bean nó mná. Fiosraigh an léarscáil thíos le heolas a chur ar chuid acu (léarscáil idirghníomhach)


Le plé nó le déanamh


🚺 Luaigh muid cúpla réimse sa saol nach bhfuil cothromas iomlán ann go fóill idir fir agus mná – an dtig leat smaoineamh ar réimsí ar bith eile?

🚺 Amharc ar na sráideanna agus ar na háiteanna i do bhaile féin, nó sa bhaile is cóngaraí duit. An bhfuil mórán samplaí de shráideanna a ainmníodh as mná nó dealbha in ómós do mhná. Abair linn fúthu. Déan taighde – cérbh í an bhean? Cad é a rinne sí?

🚺 An dtig leat féin smaoineamh ar shamplaí de mhná Éireannacha a rinne éacht sa stair, nó atá go fóill beo, ar cheart dúinn iad a chomóradh le dealbh nó le hainm sráide?


Le déanamh…

Léiríonn ainmneacha na ndaoine i nGaeilge, go raibh na mná i gcónaí sa dara háit…

Bríd Mhurchú – nó Síle Nic Thomáis, mar shampla – ciallaíonn an Ní agus an Nic gur le do dhaidí thú:

  Iníon Uí Mhurchú (Iníon le hÓ Murchú)

  NicIníon Mhic Thomáis (Iníon le Mac Thomáis)

Agus ní athraíonn an scéal má phósann tú – is bean d’fhir chéile thú. 

Bean Uí Mhurchú – Bean le hÓ Murchú

Bean Mhic Thomáis – Bean le Mac Thomáis

Is rud stairiúil é sin, ar ndóigh, a théann siar go dtí an t-am nuair nár úsáid daoine sloinnte


Mar rang déanaigí díospóireacht ranga faoi shloinnte na Gaeilge. Beidh foireann amháin ag smaoineamh ar na fáthanna uilig ar cheart dúinn iad a choinneáil mar atá. Beidh an fhoireann eile ag smaoineamh ar na fáthanna ar cheart dúinn iad a athrú.


 

 

 


Pictiúir
Molly Malone le JustPhotof/Shutterstock.com
Katie Taylor le Lev Radin/Shutterstock.com

baruil