Polasaí Príobháideachais


Is suíomh é LéighAnois.com (mar aon lena fhoshuíomh, NuachtAnois) a chuireann an tÁisaonad ar fáil. Tá an tÁisaonad lonnaithe i gColáiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste.


An tÁisaonad,
Coláiste Ollscoile Naomh Muire
191, Bóthar na bhFál,
Béal Feirste,
Co. Aontroma BT12 6FE
048/028 90327678
www.aisaonad.org
eolas@aisaonad.org


Bainimid feidhm as Google Analytics (GA4) le tuiscint ghinearálta a fháil ar an dóigh a n-úsáidtear an suíomh seo. Ní lódáiltear Google Analytics ar chor ar bith mura dtugann tusa cead dúinn é sin a dhéanamh.

Ní bhailítear ach sonraí staitistiúla amháin trí na fianáin anailísíochta. Úsáidtear na sonraí a bhailítear le léargas ginearálta a thabhairt dúinn ar úsáid an tsuímh.

Ar na sonraí a bhailítear, tá:

Ní úsáidtear na sonraí seo ach amháin le patrúin úsáide a thuiscint agus le staitisticí comhiomlána a chruthú (mar shampla líon na n-úsáideoirí, cineálacha gléasanna agus an réigiún ginearálta as a dtagann cuairteoirí). Ní úsáidtear iad chun críche margaíochta ná fógraíochta (agus ní ligimid do Google iad a úsáid chun na críche sin ach an oiread).

Iarraimid cead ort roimh dúinn aon fhianáin anailísíochta a chur ar do bhrabhsálaí. Má dhiúltaíonn tú cead, ní lódálfar Google Analytics agus ní bhaileoidh muid aon sonraí anailísíochta uait.

Stóráiltear an rogha a dhéanann tú i bhfianán ar do bhrabhsálaí ar feadh tréimhse teoranta (6–12 mhí), ionas nach mbeidh ort an rogha chéanna a dhéanamh achan uair a thugann tú cuairt orainn.




Socruithe GA4 faoi láthair…

Ag seiceáil do rogha faoi láthair…