Baile na gCailleach
Sa lá inniu, tugaimid cailleacha ar na mná draíochta a thagann amach oíche Shamhna. Ach sa seanam, tugadh cailleach ar sheanbhean nach raibh pósta nó ar mhná rialta, go fiú. Mar sin, níl a fhios againn an seanmhná draíochta nó mná rialta a bhí ina gcónaí anseo!
Tobar na mBan-Naomh
Níl a fhios againn cérbh iad na naoimh atá luaite san ainm seo, ach tá a fhios againn gur mhná iad agus tá a fhios againn go raibh tobar acu!
Ba í Macha bandia Ceilteach an chogaidh. I scéal amháin, bhí rás aici in éadan chapaill rí Uladh. Bhí sí ag iompar clainne (ag dúil le babaí) ag an am ach bhain sí an rás!
Ard Mhacha
Cathaoir Áine (in aice le Cnoc Áine)
Deirtear gurbh í Áine bandia Ceilteach an tsamhraidh. Is sórt carraige í Cathaoir Áine a bhfuil cruth cathaoireach air. Tá an charraig seo suite cois trá. Sna seanscéalta, bhí Áine i ngrá le fear ach d’imigh sé thar sáile ach níor tháinig sé ar ais. Ba ghnách léi suí ar an charraig seo, ag caoineadh, agus í ag amharc amach i dtreo na farraige ar eagla go bhfeicfeadh sí a grá geal ag teacht ar ais!
Millín Mhéabha
Ba í Méabh banríon Chonnacht. Bhí sí láidir cliste glic agus bhí draíocht aici fosta. Bhí sí ábalta draíocht a imirt ar na fir a bhí ag troid ina héadan, gach aon fhear acu…ach amháin Cú Chulainn! Is ise a ghoid Bó Cuailgne. Tá a hainm luaite i gcuid mhór áiteanna in Éirinn. Sa cheann seo, ciallaíonn millín ‘cloch bheag’.
Ba ghaiscíoch í Ceithleann agus bhí sí ábalta an todhchaí a thuar fosta. Bhí sí pósta ar Bhalor na Súile Nimhe. Chaith sí sleá leis an Dagda le linn chath Mhaigh Tuireadh agus ba bheag nár mharaigh sí é (bhuel, mharaigh, fuair sé bás 120 bliain níos moille!). Gortaíodh í féin sa chath agus chuaigh sí isteach go Loch Éirne agus shnámh sí go hInis Ceithleann – sin an dóigh a bhfuair Inis Ceithleann a ainm!
(Tugadh Ceithleann Chros-Fhiaclach uirthi!)
Inis Ceithleann
Sliabh na mBan
Sliabh i dTiobraid Árann. Sna seanscéalta, deirtear go raibh cuid mhór ban ag iarraidh Fionn mac Chumhail a phósadh. Sheas Fionn ag barr an tsléibhe seo agus dúirt sé go bpósfadh sé cibé bean a bhainfeadh rás go dtí an barr. Ach bhí Fionn i ngrá le Gráinne agus thug sé leid do Ghráinne a chuidigh léi an rás a bhaint.
Corr na Mná Mairbhe
Ciallaíonn Corr ‘cnoc cruinn nó sórt ciorclach’ ach níl barúil againn cérbh í an bhean mharbh a raibh baint aici leis an chnoc!
Ciallaíonn Cathair ‘sórt caisleáin’ anseo. Níl muid róchinnte cérbh í Saidhbhín (nó Sadhbh bheag). Sna seanscéalta, ba bhandia í ach d’athraigh draoi darbh ainm Fear Dorcha ina fia í mar nach dtitfeadh sí i ngrá leis. (Phós sí Fionn mac Chumhaill agus ba í mamaí Oisín (ciallaíonn Oisín ‘fia beag’). Tá scéalta eile ann a deir gur iníon le taoiseach áitiúil í, Mac Cárthaigh Mór. Thóg seisean an caisleán di.
Cathair Saidhbhín