Sos ón lomadh

Dé Máirt, an 19ú Bealtaine 2026


Lomaire féir

Ceann de na jabanna nach maith lena lán daoine sa ghairdín ná lomadh féir. Caithfidh tú an lomaire féir a thabhairt amach, cinnte a dhéanamh de go bhfuil an féar tirim agus an lomaire féir a tharraingt thar gach píosa féir. Beidh pian i do dhroim má tá gairdín mór le déanamh agat.

Is pailneoir é an féileacán

Ach tá réiteach ag lucht na timpeallachta duit, bhuel, do mhí Bhealtaine, ar a laghad! Molann siad dúinn sos a ghlacadh ón lomaire féir i mí Bhealtaine agus seans a thabhairt do na bláthanna fiáine fás. Ar an dóigh seo, dar leo, beidh tú ag cuidiú le feithidí a bhíonn ag pailniú chomh maith agus iad ag dul thart ar na bláthanna ar lorg neachtair.

Bíonn níos lú bláthanna fiáine ann le páirceanna níos mó

Thar na blianta, tháinig meath ar líon na mbeach agus na bhféileacán atá ar fáil in Éirinn. Úsáidtear níos mó talaimh don fheirmeoireacht agus ní bhíonn an seans céanna ag na bláthanna fiáine fás. Thart ar an am seo, i mí Bhealtaine, tagann na bláthanna ar na plandaí. Mar sin, má thugann go leor againn seans do na pailneoirí na bláthanna a phailniú, beidh na plandaí ábalta fanacht beo.

Sútha talún

Tá na pailneoirí seo iontach tábhachtach don domhan nó gan iad, ní bheadh plandaí a bhíonn ag brath ar phailniú ábalta síolta agus torthaí a dhéanamh. Cuid mhaith den bhia a ithimid, tagann siad ó na plandaí seo. Bianna mar úlla agus sútha talún, mar shampla, agus fiú caife, tá siad ag brath go hiomlán ar na pailneoirí. Ba chóir dúinn bheith buíoch díobh agus is den cheart cuidiú leo, más féidir linn.

Síolta an chaisearbháin

Ní bheidh gach duine ábalta ligean don fhéar sa ghairdín fás gan lomadh ar feadh tamaill agus tá roghanna eile ann. Tabhair cúpla seachtain breise don ghairdín gan lomadh nó fiú coirnéal beag fiáin a chruthú. Ar an dóigh sin, beidh cuma dheas néata ar an ghairdín ach, ag an am céanna, beidh a n-áit féin ag na beacha agus na pailneoirí eile.

Coirnéal fiáin


Ceisteanna

1. Cén jab sa ghairdín nach maith lena lán daoine?

2. Cad é a chaithfidh tú a dhéanamh sula lomann tú an féar, dar leis an alt?

3. Cad chuige a bhfuil sé maith ligean do na bláthanna fiáine fás?

4. Ainmnigh 2 bhia a bhíonn ag brath ar phailneoirí.

5. Cad iad na roghanna eile atá ann mura féidir leat an féar a fhágáil gan lomadh ar fad?


Le plé:

An síleann tusa gur smaoineamh maith é gan an féar a lomadh i mí Bhealtaine? Luaigh na buntáistí nó na míbhuntáistí a fheiceann tú.


Le déanamh:

Léigh tuilleadh faoi bheacha anseo.


Foghlaim níos mó faoi phailniú anseo.


meas