Beacha

Dé Máirt, an 12ú Bealtaine 2026

(le Gráinne Uí Loingsigh)


Agus an samhradh ag teacht, is dócha go bhfaca tú (nó gur chuala tú) na beacha ag eitilt thart. Ach, an bhfuil mórán ar eolas agat faoinár gcairde beaga buí agus dubha?


I dtús báire, tá a lán cineálacha difriúla beach ann. Tá a bheag nó a mhór 100 speiceas de bheacha le fáil in Éirinn, cuirim i gcás. Agus, tá ar a laghad, 20,000 speiceas de bheacha le fáil ar fud an domhain!

(pictiúr le caoinchead 'Plean Pailneoirí Uile-Éireann')

Cá bhfuil cónaí ar na beacha?

Is maith leis na beacha éagsúla bheith ina gcónaí in áiteanna difriúla. Mar shampla, déanann na bumbóga neadacha beaga ar an talamh san fhéar fhada, nó i bpoill faoin talamh.

(nead na mbumbóg)


Is fearr leis na beacha meala, áfach, bheith ina gcónaí le chéile i ngrúpaí móra. Tugtar ‘coirceog’ ar an bhaile a thógann siad dóibh féin. Is féidir na mílte beach mheala a bheith ina gcónaí in aon choirceog amháin!

(coirceog nádúrtha a thóg beacha meala iad féin)


I ngach coirceog, bíonn beach darb ainm “an chráinbheach” ann. Cé go mbíonn cuid mhór beach ann, ní bhíonn ach aon “chráinbheach” amháin ann. Beireann an chráinbheach na huibheacha ar fad. Is í an bheach is mó agus is tábhachtaí sa choirceog í.

(Bíonn an chráinbheach níos mó ná na beacha eile)


Ladrainn” an t-ainm a thugtar ar na fireannaigh sa choirceog. Cuidíonn na beacha seo leis an chráinbheach uibheacha a dhéanamh. Níl post ar bith eile acu sa choirceog - ní bhíonn mórán oibre le déanamh acu!

(Bíonn an ladrann níos mó ná an bheach oibre, ach ní feidir leis cealg a chur ionat)


Beacha oibre” an ról atá ag an chuid is mó de na beacha baineanna sa choirceog. Bailíonn siad an bia ar fad; téann siad ó bhláth go bláth ag bailiú bia darb ainm “neachtar”. Tugann siad an neachtar seo ar ais chuig an choirceog agus baineann siad úsáid as le mil a dhéanamh.


Cé go mbíonn na beacha oibre ag obair go crua ar feadh a saoil, ní dhéanann beach oibre ar bith ach méid beag bídeach meala (thart faoi 1/12 de thaespúnóg). Mar sin, glacann sé na mílte beach a bheith ag comhoibriú le chéile le cuid mhór meala a dhéanamh.

(Tá mil á déanamh ag na beacha seo sa choirceog.)


Nuair a bhogann na beacha oibre ó bhláth go bláth, cuidíonn siad leis na plandaí fás. Bailíonn na beacha pailin chomh maith agus iad ag dul thart ar na bláthanna ar lorg neachtair. Iompraíonn na beacha an phailin ó bhláth go bláth. Cuidíonn seo leis an nádúr plandaí nua a fhás. Pailniú a thugtar ar an phróiseas sin.


Is aoibhinn le beacha dathanna geala. Is é sin an fáth a mbíonn peitil dhaite ar na bláthanna chun na beacha a mhealladh chucu. Tá na beacha ríthábhachtach dúinn go léir. Gan iad, ní bheadh muid ábalta mórán plandaí a fhás.


Saolré na mbeach

Tá 4 chéim i saolré na mbeach: Ubh ➡️ larbha ➡️ pupa ➡️ an bheach fhásta.


🐝 Tosaíonn gach beach mar ubh.

🐝 Tagann siad amach as an ubh agus athraíonn siad go larbha. (Bíonn cuma cosúil le péist bheag bhán orthu i rith an ama seo).

🐝 Athraíonn an larbha go pupa. (Téann an larbha isteach i gcocún le fás ina bheach fhásta.)

🐝 Tagann an bheach fhásta amach as an phupa.



Ceisteanna

  1. Cén dóigh a gcuireann an t-údar síos ar na beacha sa chéad pharagraf?
  2. Cá mhéad speiceas de bheacha atá le fáil in Éirinn (a bheag nó a mhór), agus cá mhéad atá le fáil ar fud an domhain?
  3. Cén áit ina ndéanann na bumbóga a neadacha?
  4. Cad is ‘coirceog’ ann? Cá mhéad beach meala is féidir a bheith ina gcónaí in aon choirceog amháin?
  5. Ainmnigh na trí ról atá ag beacha i gcoirceog na mbeach meala.
  6. Cén ról atá ag an Ladrann (an bheach fhireann) sa choirceog?
  7. Cén bia a bhailíonn na beacha oibre ó bhláthanna, agus cén úsáid a bhaineann siad as nuair a thagann siad ar ais chuig an choirceog?
  8. Cá mhéad meala a dhéanann beach oibre amháin i rith a saoil?
  9. Mínigh cad is ‘pailniú’ ann, agus cén fáth a bhfuil sé tábhachtach do phlandaí nua.
  10. Cad iad na ceithre chéim i saolré na mbeach? Cuir síos ar chuma an larbha.


Le plé nó le déanamh

🐝 Taighde ar Speicis na mBeach:

  • Déan taighde ar dhá cheann eile den 100 speiceas de bheacha atá le fáil in Éirinn. Cén difríocht atá eatarthu féin agus na beacha meala (m. sh., an mbíonn cónaí orthu i gcoirceoga, an ndéanann siad mil)? Cuir na fíricí i láthair mar léarscáil intinne nó mar thábla.

🐝 Fadhbréiteach sa Mhatamaitic:

  • Deir an t-alt go ndéanann beach oibre ar bith thart faoi 1/12 de thaespúnóg meala i rith a saoil.
  • Cá mhéad beach oibre a bheidh de dhíth le 1 thaespúnóg meala a dhéanamh?
  • Cá mhéad beach oibre a bheidh de dhíth chun spúnóg mhór (atá ar cóimhéid le 3 thaespúnóg) a líonadh?

🐝 Dearadh Postaeir:

  • Dear póstaer geal agus lán eolais chun daoine a spreagadh le bheith ag cuidiú [cabhrú] leis na beacha. Cuir na pointí seo a leanas san áireamh: an tábhacht a bhaineann le beacha, an fáth a dtaitníonn dathanna geala leo, agus cad é mar is féidir linn plandaí a fhás chun iad a mhealladh.

🐝 Sainmhínithe & Teanga:

  • Tá trí ról thábhachtacha ag beacha i gcoirceog. Scríobh síos an t-ainm Gaeilge ar gach ról (An Chráinbheach, Ladrann, Beach Oibre) agus cruthaigh do shainmhíniú féin ar an ról sin, ag baint úsáid as na focail atá san alt. Is féidir seo a dhéanamh mar phóstaer chomh maith le léaráidí a chuidíonn leis an mhíniú air.


meas