Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?
Ceisteanna
(Seo abairtí simplí faoin téacs, ach an bhfuil siad FÍOR nó BRÉAGACH?)
Tá an teaghlach ina gcónaí i mbungaló.
Is cat é Bran.
Cormac is ainm don bhuachaill sa scéal.
Tá trí sheomra leapa sa teach.
Itheann siad lón sa seomra folctha.
Clódagh is ainm do dheirfiúr an ghasúir sa scéal.
Tá doirteal sa seomra leapa.
Bíonn siad ag amharc ar an teilifís sa seomra suí.
Le plé agus le déanamh
(Seo moltaí do ghníomhaíochtaí ar féidir leis na daltaí iad a dhéanamh in éineacht leis an mhúinteoir nó leis an chúntóir ranga, nó le daltaí níos sine sa scoil, go fiú.)
🏠 An Ghaeilge agus an Mhatamaitic: Cá mhéad?
Iarr ar na daltaí pictiúr a tharraingt nó teach a thógáil le Lego, Duplo, ábhair thógála “Domhan Beag” (nó eile) ina bhfuil… trí fhuinneog, dhá dhoras, cúig sheomra, srl. Déan plé ar ainmneacha na seomraí agus líon [méid] na ngnéithe difriúla atá sna tithe a chruthaigh na daltaí.
🏠 Cluiche gluaiseachta - Cá bhfuil Cónán?
Cuir lipéid ar cheithre chúinne an tseomra ranga / an chlóis mar a bheadh na seomraí atá luaite sa scéal ann (an chistin, an seomra suí, an seomra leapa, an seomra folctha). An dúshlán: Nuair a scairteann tú amach gníomh, caithfidh na daltaí rith go dtí an “seomra” ceart. Mar shampla, “Tá mé ag scuabadh mo chuid fiacla” / “Tá mé ag ithe lóin” / “Tá mé ag dul a chodladh” / srl.
🏠 Rólimirt - Inis do Bhran faoi do theach
Úsáid puipéad nó madadh bréagach bog. Iarr ar na páistí suí thart i gciorcal. Cuirigí an bréagán / an puipéad thart le ceol. Nuair a stopann an ceol, caithfidh an páiste a bhfuil Bran aige nó aici rud éigin a insint do Bhran faoina t(h)each féin.
Is féidir le daltaí níos sine níos mó a léamh ar an téama “Tithe agus Bailte” san fhillteán fíricí seo.