Haigh, ar mhaith leat mo theach a fheiceáil?
Scéal le Gráinne Uí Loingsigh Ceol cúlra: "Carpe Diem" le Kevin MacLeod (incompetech.com) Ceadúnas CC4.0
Fáilte isteach!
Is mise Conán. Seo é mo theach, is bungaló é.
Tá mé i mo chónaí sa teach seo le mo theaghlach agus le mo mhadadh, Bran.
Seo í an chistin. Ithimid ár mbéilí ar fad sa chistin - bricfeasta, lón agus dinnéar.
Seo é an seomra folctha. Tá leithreas, cithfholcadán agus folcadán ann.
Scuabaim mo chuid fiacla anseo ag an doirteal, gach maidin agus gach oíche sula dtéim a luí.
Seo é an seomra suí. Ligeann muid ár scíth anseo gach lá. Is maith liom a bheith ag amharc ar an teilifís le mo theaghlach gach tráthnóna.
Tá trí sheomra leapa i mo theach: seomra leapa mo thuismitheoirí…
mo sheomra leapa féin…
agus seomra leapa mo dheirféar, Clódagh.
Téim a luí i mo sheomra leapa gach oíche. Cad iad na seomraí atá i do theach féin? Cad é an seomra is fearr leat?