Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Tá seanfhocal measartha simplí againn an tseachtain seo – is é a chiallaíonn sé ná, ní dhéanann an chaint an obair! Más mian leat rud éigin a dhéanamh, ní haon mhaith a bheith ag caint faoi, gabh amach agus déan é!
Fear ag tabhairt abhaile na móna
Sa seanam in Éirinn, bhí an mhóin thar a bheith tábhachtach. D’úsáid daoine í mar bhreosla, lena dtithe a choinneáil te agus lena gcuid bia a chócaráil. Go fiú sna hamanna sin nuair a bhí an chuid is mó de mhuintir na tíre beo bocht, bhí an mhóin againn i gcónaí le muid a choinneáil te. Mar sin, obair iontach tábhachtach a bhí ann an mhóin a thabhairt abhaile.
Ní raibh mórán ag na daoine sa seanam ach bhí an mhóin acu
Cad is móin ann?
Is ithir nó créafóg speisialta í an mhóin atá ar fáil i gceantair speisialta in Éirinn (agus i dtíortha eile) a dtugaimid portach nó bogach orthu. Tá an mhóin déanta de phlandaí marbha a lobh i dtalamh fliuch na bportach seo.
Síleann eolaithe gur thosaigh próiseas déanta na móna i bportaigh na hÉireann thart ar 10,000 bliain ó shin, nuair a tháinig deireadh leis an oighearaois dheireanach. Is próiseas iontach mall é seo, déantar thart ar 1mm de mhóin gach bliain! Tá thart ar an chúigiú cuid d’Éirinn clúdaithe le portaigh.
Portach i nDún na nGall
🟫 Baint na Móna 🟫
Tá daoine ag baint móna in Éirinn le fada fada an lá…
Ar dtús, baineann tú an mhóin.
Pic le Fabiano's_Photo/Shutterstock.com
Ansin, déanann tú í a chnuchairt nó a ghróigeadh – fágann tú an mhóin ina cruach le triomadh nó ní thig leat móin fhliuch a dhó sa tine.
Ansin, tugann tú an mhóin chun an bhaile!
Pic le John And Penny/Shutterstock.com
Sa chéad seo caite, ní hamháin go raibh daoine aonair ag baint móna lena dó ina dteach féin, cuireadh comhlacht ar bun le cuid mhór móna a bhaint agus a dhíol – Bord na Móna. Bhí go fiú stáisiúin leictreachais ann in Éirinn a dhóigh móin le leictreachas a dhéanamh.
Gineadóir leictreachais sa mhonarcha mhóna a bhí ag Bord na Móna i gcontae Uíbh Fhailí
Nuair nach bhfásann ach 1mm de mhóin gach bliain, bhí muid ag baint na móna i bhfad Éireann níos tapúla ná mar a bhí an mhóin á déanamh. Rinne sé seo dochar mór do phortaigh na tíre.
Traein a bhí ag Bord na Móna leis an mhóin a iompar chuig an stáisiún mór leictreachais i gContae Uíbh Fhailí
Rud eile a rinne a lán dochair do na portaigh ná an fheirmeoireacht. Tá sé de chlú ar na portaigh agus ar na bogaigh gur talamh fliuch atá iontu, sin an rud a dhéanann speisialta iad. Ach dhraenáil feirmeoirí an t-uisce amach as cuid mhór portach lena dtriomú, le go dtiocfadh leo an talamh a úsáid don fheirmeoireacht.
Tochaltóirí ag baint móna in Albain – tá sé furasta a fheiceáil an dóigh a ndéanfaí scrios ar phortaigh le hinnill mhóra mar seo
Idir an fheirmeoireacht, agus daoine ag baint na móna, síleann na heolaithe go bhfuil suas le 80% de phortaigh na hÉireann scriosta againn. Is drochscéal é seo do na plandaí a fhásann sna portaigh agus do na hainmhithe a chónaíonn iontu.
Bláth darb ainm an bodach gorm a fhásann sa phortach
Ach is drochscéal é dúinne fosta mar tá a fhios againn go gceapann portaigh a lán carbóin. Nuair a scriosaimid na portaigh, téann an carbón seo isteach san atmaisféar mar dhé-ocsaíd charbóin agus cuireann sí leis an téamh domhanda.
Nuair a scriosaimid na portaigh, scaoiltear a lán dé-ocsaíd charbóin amach san atmaisféar
Le blianta beaga anuas, tugadh a lán rialacha isteach le srian a chur le baint na móna agus leis na portaigh a chosaint. Níl cead ag daoine móin a dhíol níos mó agus tá go leor de na portaigh thriomaithe á n-athfhliuchadh. Tá cead ag roinnt daoine móin a bhaint go fóill lena húsáid ina dteach féin, ach beidh an nós seo ag imeacht fosta sna blianta atá romhainn.
Stad Bord na Móna de bheith ag déanamh brícíní móna in 2021
Mar sin, is fíor go fóill nach dtugann an chaint an mhóin abhaile – ach b’fhéidir nach drochrud é sin sa lá atá inniu ann!
Tá na heolaithe ag iarraidh go dtiocfaidh bláth ar phortaigh na hÉireann arís!
Ceisteanna le freagairt
Cad as a bhfuil móin déanta?
Cá mhéad bliain a thógfadh sé le go bhfásfadh 1cm de mhóin i bportach?
Samhlaigh gur bhain comhlacht mór 1 mhéadar de mhóin amach as portach, cá mhéad bliain a thóg sé ar an phortach an mhóin sin a dhéanamh?
Deirtear san alt go bhfuil ‘an cúigiú cuid’ d’Éirinn clúdaithe le portaigh.
Scríobh sin mar chodán (le huimhreacha).
Scríobh sin mar chéatadán.
‘Síleann eolaithe go bhfuil 80% de phortaigh na hÉireann scriosta.’ Scríobh 80% mar chodán.
Cén fáth a dtriomaíonn daoine an mhóin sula dtugann siad abhaile í?
Le déanamh
🟫 Mínigh an seanfhocal 'Ní thugann an chaint an mhóin chun an bhaile' i do chuid focal féin.
🟫 Cén fáth a raibh an mhóin chomh tábhachtach sin fadó.
🟫 Cén fáth a bhfuil sé tábhachtach na portaigh a chosaint anois?
🟫 Tá ‘baint na móna’ iontach tábhachtach i stair na tíre agus go fiú i gcultúr na ndaoine i roinnt mhaith áiteanna in Éirinn. Tá daoine á dhéanamh leis na céadta bliain agus níor mhaith leo an ceart ‘móin a bhaint’ a chailleadh. Ach an síleann tú gur féidir linn baint na móna a chosaint sa lá atá inniu ann?