Ainmhithe sa Gheimhreadh

An Luan, an 2ú Márta, 2026

(le Gráinne Uí Loingsigh)


Sa gheimhreadh, eiríonn an aimsir níos fuaire agus ní bhíonn cuid mhór bia ar fáil do na hainmhithe. 


Mar sin de, déanann na hainmhithe difriúla rudaí éagsúla le cuidiú leo maireachtáil tríd an gheimhreadh. Mar shampla, imíonn cuid de na héin thar sáile go dtí tíortha eile atá níos teo. Fanann siad ansin don gheimhreadh. Ansin, tagann siad ar ais go hÉirinn san earrach.


Nuair a imíonn ainmhí chuig áit eile i bhfad ar shiúl, tugaimid imirce air sin. Seo cuid de na héin a dhéanann imirce, nó a imíonn don gheimhreadh:


An Chuach 


An Fháinleog 


agus an Gabhlán Gaoithe 


Ach, ní féidir le gach ainmhí eitilt thar sáile go dtí tír eile. Mar sin, geimhríonn cuid de na hainmhithe eile. Ciallaíonn sé seo go dtéann na hainmhithe sin a chodladh ar feadh tamall iontach fada. Nuair a éiríonn an aimsir fuar, cuardaíonn siad áit atá compordach agus sábháilte le dul i bhfolach ann.

(Seo áit dheas atá compordach agus sábháilte d'ainmhí beag - pic le Roy Hinchliffe trí Shutterstock)


Nuair a thagann an t-earrach agus nuair a éiríonn an aimsir níos teo, músclaíonn na hainmhithe sin agus tagann siad amach arís. 


Cad iad na hainmhithe in Éirinn a dhéanann codladh i rith an gheimhridh?

An Ghráinneog

Déanann na gráinneoga iad féin go compordach sna duilleoga le dul a chodladh don gheimhreadh. 


In amanna, téann siad isteach faoi bhotháin. SSSS! ? B’fhéidir go bhfuil gráinneog ina codladh faoi bhothán i do scoil...


An Frog

Téann cuid froganna a chodladh don gheimhreadh sa chlábar ag bun locháin bhig. Is maith le cuid froganna eile geimhriú a dhéanamh faoi na duilleoga nó faoi na clocha in aice le sruthán.


An Sciathán Leathair

Déanann na sciatháin leathair geimhriú fosta. Is maith leo dul a chodladh faoi shean-droichid, nó i bpluais, nó san áiléar i dteach.


Ceisteanna

  1. Cad chuige a n-imíonn cuid ainmhithe chuig áit eile i rith an gheimhridh?
  2. Cad is ciall leis an fhocal “imirce”? 
  3. Ainmnigh éan amháin a dhéanann imirce.

4. Cá dtéann an ghráinneog a chodladh?

5. Cén áit ina mbeadh frog i bhfolach sa gheimhreadh?

6. An ndéanann sciathán leathair imirce, nó an ndéanann sé geimhriú?


Le plé nó le déanamh

  • Scríobhaigí na focail seo ón téacs amach go mór agus maisígí iad. (Is féidir focal difriúil a thabhairt do ghrúpa éagsúil páistí.) - imirce, thar sáile, geimhriú, clábar, múscail. Anois úsáidigí na focail seo le habairtí nua a chumadh, nó mínígí iad i do chuid focal féin agus le pictiúir. 
  • Cad é mar a chuirfeá críoch leis na habairtí seo?
    • D’eitil an fháinleog thar sáile mar…
    • Bhí an aimsir ag éirí níos fuaire agus chuardaigh an ghráinneog…
  • Déan aithris ar na hainmhithe sa gheimhreadh. Cuir ceol ar siúl agus iarr ar na páistí cur i gcéill go bhfuil siad ag eitilt thar sáile mar éin. Ach nuair a stopann an ceol, tá an geimhreadh ann agus caithfidh siad dul a chodladh mar a bheadh frog, nó gráinneog nó sciathán leathair ann. 
  • Téigh amach ar shiúlóid ranga sa dúlra agus amharc amach d’áiteanna a dtiocfadh le hainmhithe bheith ag geimhriú iontu. (Ach bí cúramach gan cur isteach orthu!) 
  • I mí an Mhárta / mí Aibreáin, coinnígí súil amach don fháinleog, don ghabhlán gaoithe agus don chuach ag teacht ar ais arís go hÉirinn.          


meas