Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Baineann seanfhocal na seachtaine seo leis an aimsir…ar ndóigh. Is sean-fhocal (ní seanfhocal 😅) ar ‘aimsir’ é an focal síon – ciallaíonn sé drochaimsir nó aimsir stoirmiúil go háirithe. Má bhíonn lá iontach stoirmiúil nó iontach olc ann, tugaimid ‘lá na seacht síon’ air.
Lá na Seacht Síon i mBaile Átha Cliath i mí Eanáir
Tá comparáid á déanamh sa seanfhocal seo idir cineálacha difriúla de dhrochaimsir – tá an sioc go holc, tá an sneachta níos measa ach an aimsir is measa ar fad ná nuair a bhíonn sé ag cur báistí gan stad! (Ciallaíonn an focal síor rud a bhíonn ag tarlú i rith an ama, nó rud a leanann ar aghaidh gan stad).
Báisteach gan stad. An cineál aimsire is measa?
Is é an chiall atá leis an seanfhocal seo ná, in amanna, gur cheart dúinn bheith buíoch as an mhéid atá againn, nó thiocfadh dó go mbeadh an scéal i bhfad níos measa! Mar shampla, dá mbeadh daoine ag gearán faoin sioc nó faoin sneachta taobh amuigh – ba cheart dóibh bheith buíoch nach bhfuil an aimsir níos measa! Agus…nach fíor dó?!?
An gcaithfidh muid bheith buíoch nach bhfuil cúrsaí níos measa ná mar atá?
Dá mbeadh an rogha againn uilig in Éirinn anois, ghlacfadh muid go fonnmhar le lá seaca seachas an tsíor-bháisteach a bhí againn ó thús mhí Eanáir!
Na cineálacha radhairc a bhí ag cuid mhaith againn ó thús mhí Eanáir
Tá cuid mhaith den tír go fóill faoi uisce nó tharla tuilte i roinnt mhaith áiteanna mar gheall ar an mhéid fearthainne a thit. Bhí an mhí Eanáir is fliche ann i gCúige Uladh le chóir a bheith 150 bliain! (149, le bheith beacht.) Agus tá an scéal níos measa i gContae Chiarraí – bhí báisteach ann sa ‘Ríocht’ gach aon lá le 51 lá anuas – sin gach aon lá ó thús na bliana! (Má tá tú i gCiarraí, agus má tá sé fós tirim inniu agus an t-alt seo á léamh agat, tá drochscéal againn daoibh – tá an bháisteach ar a bealach!)
Bhí an ‘mhí Eanáir is fliche’ le 149 bliain ann i gCúige Uladh!
Is cinnte, mar sin, go n-aontódh muid uilig le seanfhocal na seachtaine seo – ‘Olc síon an sioc. Is fearr sioc ná sneachta agus is fearr sneachta ná síor-bháisteach!’
Is olc an tsíon an sioc ach tá sé i bhfad níos fearr ná an tsíor-bháisteach!
Freagair na ceisteanna
Cad is brí leis an fhocal síon?
Cad é an cineál aimsire is measa ar fad, dar leis an seanfhocal seo?
Cad a chiallaíonn an focal síor- sa téacs?
Dar leis an seanfhocal, cén fáth ar chóir dúinn bheith buíoch má bhíonn sioc nó sneachta ann?
Cén fáth a bhfuil tuilte ann i roinnt áiteanna in Éirinn faoi láthair?
Cén chuid den tír a fuair ‘a mí Eanáir is fliche’ le 150 bliain anuas – an chuid thuaidh, thoir, thiar nó theas?
Cad é an leasainm atá ar Chontae Chiarraí?
Cad chuige ar luadh Contae Chiarraí go speisialta san alt seo?
Le plé
Cén cineál aimsire is fearr leat féin agus cén fáth?
Cuir na cineálacha difriúla aimsire in ord, ón aimsir is fearr leat go dtí an aimsir is measa leat.
Mar rang, déanaigí plé ar theachtaireacht an tseanfhocail seo – bí buíoch, nó thiocfadh dó go mbeadh cúrsaí níos measa.
An teachtaireacht dhearfach nó dóchasach é, nó an teachtaireacht éadóchasach é? Cén fáth?
An raibh tuilte ar bith i do cheantar féin, abair linn fúthu.
Cad é do bharúil ar an aimsir a bhí againn ó thús na bliana? Ar fhág sí an saol níos deacra nó níos neamhphléisúrtha agat? Cén dóigh?
Le déanamh
Meaitseáil na habairtí aimsire thíos leis an phictiúr chuí.
