🕸️ Logainmneacha na Samhna 🕷️

Dé Máirt, an 21ú Deireadh Fómhair 2025

Bíonn go leor tagairtí againn do logainmneacha ar NuachtAnois. Tá a lán cineálacha difriúla logainmneacha ann. Baineann cuid acu le daoine ón stair, baineann cuid acu le nósanna na ndaoine. Baineann roinnt logainmneacha eile leis an chuma atá ar an talamh nó le gnéithe fisiciúla sa tírdhreach

‘Sliabh Mór’ an t-ainm atá ar an áit seo – an bhfuil a fhios agaibh cén fáth?


Ach tá rud i gcoitinne ag cuid mhór de logainmneacha na hÉireann – léiríonn siad an tsamhlaíocht a bhí ag na sean-Ghaeil. Agus, ós rud é gurb í an tSamhain an tréimhse is mó sa bhliain a mbíonn an tsamhlaíocht ag baint léi, shíl muid gurbh fhiú inniu aird a dhíriú ar roinnt logainmneacha a bhfuil téama na Samhna agus ‘an tsaoil eile’ ag baint leo.


An tSamhain féin 🎃

Tá an tSamhain ar cheann de na ceithre mhórfhéile a bhí ag na Ceiltigh agus ag na Gaeil. Seo an tús le séasúr an gheimhridh. Chreid na Ceiltigh go mbíonn neacha ón saol eile in ann teacht go furasta chuig an saol s’againne Oíche Shamhna agus meascadh linne. Deirtear gur chuir daoine bréagriocht orthu féin le nach mbeadh a fhios ag na sióga agus na créatúir neamhshaolta eile gur daoine iad. Ba ghnách le daoine tine mhór a lasadh agus teacht le chéile a bheith acu.

Gach seans go bhfuair Doire Shamhna i Maigh Eo nó Cnoc na Samhna i Liatroim a n-ainm mar gur seo na háiteanna ar lás daoine áitiúla tine na Samhna.

Níl a fhios againn ar ghléas na sean-Ghaeil mar a bheadh cailleachfathach ann – ach tá Baile na gCailleach i nDoire agus tá Cluain an Fhathaigh i gContae an Chláir.

Doire Shamhna? Ciallaíonn ‘Doire’ áit a bhfásann cuid mhór crann darach


Púcaí 👻

Is cineál de thaibhse é an púca, ar ndóigh – bíonn neart acu thart Oíche Shamhna! Tá go leor áiteanna in Éirinn a bhfuil ceangal de chineál éigin acu le púca.

Carraig an Phúca i gCorcaigh, Gleann an Phúca i dTiobraid Árann, Poll an Phúca i gCill Mhantáin agus go fiú Tóin an Phúca i gCill Dara!

Carraig an Phúca?


Taibhsí agus na mairbh 🧟‍♀️

Chreid na Ceiltigh go ndeachaigh na mairbh chuig an saol eile, ach bheadh siad ábalta teacht ar ais Oíche Shamhna!

Abhainn na Taibhse ann i gContae Chiarraí. Tá Abhainn na Marbh ann i nDún na nGall.

Abhainn na Taibhse?


An Diabhal agus na Deamhain 👺👹

Sa Ghaeilge, tugaimid an Fear Dubh ar an diabhal, is féidir diabhaildeamhain a thabhairt ar na cuiditheoirí s’aige.

Oileán na nDiabhal ann i gCiarraí. Is féidir cuairt a thabhairt ar Úrdhún an Diabhail i gCorcaigh agus tá Poll an Deamhain sa chontae chéanna.

Abhainn Ifrinn ann i gcontae an Chláir – is san Ifreann, ar ndóigh, a chónaíonn an Diabhal. Tá Oileán Gheata Ifrinn ann i gcontae Luimnigh.

Poll an Diabhail?


Na Sióga 🧝‍♀️

Bhí cuid mhór cainte ar na sióga sa seanam in Éirinn agus tá cuid mhór logainmneacha ann a bhaineann leo, fud fad na tíre, ó Mhullach na Sí i nDún na nGall agus Ráth Sí i gContae Aontroma go Lios na Sí i gCill Chainnigh agus Cluain na Sióg i Loch Garman.

Uaireanta, sna seanscéalta, ghoid na sióga páistí agus chuir siad páistí sí isteach ina n-áit – tugaimid síofraí ar na páistí sí seo – tá Cnoic Shíofra ann i gContae Mhaigh Eo.

Lios na Sí?


Foclóir na Samhna 🎃 (Cliceáil ar gach ceann)


Le déanamh – Ealaín

Roghnaigh logainm amháin thuas agus tarraing pictiúr de – seol isteach chugainn é, ba bhreá linn é a fheiceáil!


meas