An Ghaeilge mórthimpeall orainn

An 14ú Feabhra, 2024

A chairde Nuacht Anois, tá dúshlán beag againn daoibh inniu. Táimid ag iarraidh oraibh bheith san airdeall ar chomharthaí Gaeilge sa saol mórthimpeall oraibh. Tá seans maith ann go mbeidh iontas oraibh faoin méid áiteanna ina mbíonn an Ghaeilge le feiceáil.

(Bí i do bhleachtaire agus coinnigh súil amach don Ghaeilge taobh amuigh den scoil.)

Chun cuidiú libh leis an tasc seo, bhí an tuairisceoir seo airdeallach go leor le linn a saoire agus chonaic roinnt comharthaí Gaeilge in áiteanna éagsúla. Mar shampla, ar an stáisiún traenach seo:


Agus ar an chineál seo buidéal uisce:


Sa Mhargadh Shasanach i gCathair Chorcaí, bhí an siopa seo le feiceáil agus an comhartha deas mór Gaelach air.


Ach, níorbh iad na siopaí, na bialanna, agus na stáisiúin traenach amháin na háiteanna ina raibh an Ghaeilge le feiceáil. Thaitin an comhartha beag seo go mór liom nuair a stop mé in óstán!
(Ná cuir as - chroch tú seo taobh amuigh de dhoras an tseomra nuair nár mhaith leat bheith múscailte ar maidin. Thug sé leid do dhaoine eile a bheith ciúin nuair a shiúil siad thart!)


Ach, an áit is suntasaí ina bhfaca mé an Ghaeilge, ná, thíos faoi mo chosa! Tháinig mé ar na seanchlúdaigh mhiotail seo ar na sráideanna i nDroichead Átha agus focail Ghaeilge scríofa orthu (agus dearadh deas Ceilteach ar cheann amháin acu chomh maith).


Bíonn na píobáin den chóras uisce thíos faoi na sráideanna sna bailte agus sna cathracha. Nuair a bhíonn uisce de dhíth ar na fir dhóiteáin, mar shampla, thig leo an clúdach miotail “Uisce” a bhaint agus a bpíobán féin a chur síos faoin talamh san áit sin, chun uisce a fháil. Úsáidfidh siad an t-uisce sin chun tine a mhúchadh, cuirim i gcás.


Nuair a bhíonn sé ag cur go trom ar feadh roinnt seachtainí, is féidir go n-éireodh an córas uisce lán faoin talamh . Nuair a tharlaíonn sin, bíonn tuilte le feiceáil ar na sráideanna. Sa chás sin, tiocfaidh na fir dhóiteáin arís, ach an iarraidh seo, osclóidh siad an “Béal Tuile” agus ligfidh siad don uisce breise éalú amach as an chóras faoi thalamh.

Le plé nó le déanamh
Cé acu de na comharthaí san alt is fearr leat? Cad chuige ar fearr leat an ceann sin?

An bhfaca tú féin comhartha i nGaeilge in áit ar bith? An raibh sé cóngarach don bhaile nó áit éigin eile ar do laethanta saoire?

Cad é a bhí scríofa ar an chomhartha / na comharthaí Gaeilge a chonaic tú? Ar thuig tú iad ar fad?

Ar ghlac tú grianghraif ar bith de na comharthaí? Má ghlac, seol isteach chugainn iad agus déanfaimid taispeántas díobh. (Ná déan dearmad d’ainm a chur le do phictiúr agus a insint dúinn cén áit inar thóg tú é.) Nó, d'fhéadfadh sibh taispeántas a dhéanamh de na pictiúir uilig in bhur seomra ranga. 

Amharc ar léarscáil na tíre seo agus tabhair faoi deara na háiteanna atá luaite san alt seo. Cad iad na contaetha agus na cúigí ina bhfuil siad? Ar thug tú féin cuairt ar chontae nó ar chúige ar bith eile i rith do shaoire?


baruil