D’éirigh go geal le Gaeilge 24!

An 16ú Samhain, 2023



Tharla an dúshlán bliantúil Gaeilge 24 an tseachtain seo. Seo dúshlán ina ngeallann scoláirí, ranganna agus go fiú scoileanna iomlána, ó cheann ceann na tíre nach labhróidh siad ach Gaeilge amháin an lá ar fad – ar scoil AGUS lasmuigh den scoil. 

Cláraíonn scoileanna Béarla agus Gaelscoileanna araon don dúshlán agus bíonn imeachtaí Gaeilge eile le linn an lae fosta le haird gach duine a dhíriú ar labhairt na Gaeilge.

Eagraíonn scoileanna imeachtaí difriúla le labhairt na Gaeilge a chur chun cinn


Anois, níor cheart gur dúshlán rómhór é, más scoláire Gaelscoile thú, Gaeilge a labhairt an lá ar fad le cairde agus le múinteoirí – tá Gaeilge againn uilig! Ach an dtiocfadh leat siúl amach ar dhoras na scoile agus an Ghaeilge a labhairt sa phobal áitiúil? Sna siopaí, nó sa bhaile? B’fhéidir gur dúshlán a bheadh ansin?

An féidir leatsa do chuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge sa siopa áitiúil?


Go fiú i gceantair Ghaeltachta na tíre, is fíor go bhfuil sé ag éirí níos dúshlánaí do dhaoine na gnáthrudaí sa saol a dhéanamh trí Ghaeilge. In amanna, bíonn daoine sórt náirithe a gcuid Gaeilge a úsáid le strainséirí nó daoine nach bhfuil aithne rómhaith acu orthu. Go háirithe daoine óga. Glactar leis gur gnáthrud é Béarla a labhairt agus gurb é seo an rud normálta. Mar gheall air sin, bíonn drogall ar dhaoine a gcuid Gaeilge a úsáid.

Imeacht na nGaeltachtaí – tá an Ghaeilge ag imeacht mar ‘ghnáth-theanga’ phobail


Tarlaíonn sé seo fud fad an domhain, sna háiteanna ina maireann dhá theanga taobh lena chéile – teanga láidir agus teanga níos laige. Faigheann an teanga láidir tacaíocht ón rialtas agus bíonn sí le feiceáil agus le cloisteáil gach áit agus ar an teilifís agus ar an raidió. Síleann daoine gur rud normálta é an teanga láidir a úsáid agus, de réir a chéile, stadann siad de bheith ag úsáid na teanga níos laige.

Is gnáthrud é an Béarla gach áit thart timpeall orainn – an gciallaíonn sé sin NACH rud normálta é Gaeilge a labhairt?



An téama a bhí le dúshlán Gaeilge 24 na bliana seo ná Todhchaí na Gaeilge. Caithfidh muid an cheist a chur orainn féin – ar mhaith linn gnáthrud a dhéanamh den Ghaeilge agus muid ag súil leis an todhchaí?

Ar cheart dúinn fanacht inár dtost agus gan Gaeilge a labhairt lasmuigh den scoil?


Má dhéanaimid gnáthrud di…má chleachtaimid í gach lá; má labhraímid Gaeilge le gach duine a thuigeann í; má úsáidimid frásaí beaga, amhail le do thoilgo raibh maith agatslán le daoine atá ar bheagán Gaeilge…is féidir linn an Ghaeilge a dhéanamh níos normálta in Éirinn arís. Ar an dóigh seo, is mó seans go bhfanfaidh sí againn mar theanga bheo.

Cén rogha ba mhaith leatsa a dhéanamh don todhchaí?


Mar sin, is dúshlán iontach é Gaeilge 24, ach ní dúshlán aon lae é, is dúshlán saoil é dúinne, na Gaeil. 

Beatha teanga…í a labhairt!


Le plé nó le déanamh

Ar ghlac an scoil s’agaibhse páirt in Gaeilge 24? Ar bhain tú sult as? Ar bhain tú tairbhe as? Cén dóigh?

Ar mhaith leat páirt a ghlacadh in Gaeilge 24 ar an bhliain seo chugainn? Cén fáth?

An dtig leat smaoineamh ar fhrásaí beaga Gaeilge eile agus amanna nuair a thiocfadh linn iad a úsáid sa ghnáthshaol?

Amharc ar níos mó pictiúr ó scoileanna thart ar an tír…

Pictiúir le caoinchead Chonradh na Gaeilge

baruil