Lá Eorpach na dTeangacha

An 26ú Meán Fómhair, 2023



An raibh a fhios agat go bhfuil thart ar 6,900 teanga á labhairt ar fud an domhain? Cuid acu, labhraíonn a lán daoine iad. Béarla, mar shampla, a labhraíonn suas le 1.5 billiún duine, cuid mhór acu mar dhara teanga. Nó Mandairínis, a labhraítear sa tSín, a bhfuil 1.1 billiún cainteoir aici. Is teangacha idirnáisiúnta iad agus úsáideann daoine mórtheangacha mar seo le cumarsáid a dhéanamh go hidirnáisiúnta.

Is teanga idirnáisiúnta í an Mhandairínis.


Ag an taobh eile den scála tá teangacha beaga, nó teangacha mionlaigh, ann nach labhraíonn a lán daoine. Tá teangacha treibhe ann nach bhfuil ach cúpla céad cainteoir acu. Cuid acu, níl ann ach 20 cainteoir nó níos lú fágtha. Ar an drochuair, tá cuid de na teangacha mionlaigh seo ag dul i léig. Measann na heolaithe go bhfaighidh leathchuid de na teangacha atá á labhairt anois bás faoin bhliain 2100.

Tá a lán teangacha treibhe ag na Bundúchasaigh san Astráil.


Is cuma cén teanga atá i gceist, tá buanna leo uilig. Más mórtheanga atá agat, is mó an seans go mbeidh tú ábalta labhairt lena lán daoine eile. Ach más teanga mhionlaigh atá agat, tá tú ag caint teanga atá go hiomlán in oiriúint duitse agus don áit a bhfuil tú. Ar bhealach, tá sé cosúil le dul chuig táilliúir agus go ndéanann sé nó sí péire bríste a oireann duit i gceart. Ar ndóigh, má tá Gaeilge agat, seans maith go mbeidh Béarla agat chomh maith, mionteanga agus mórtheanga.

Tá Gaeilge in Albain chomh maith le bheith in Éirinn.


Ar fud na hEorpa, tá a lán teangacha á labhairt. Meastar go labhraíonn idir 40 agus 50 milliún duine teanga mhionlaigh nó teanga réigiúnach. Is rud mór é seo le ceiliúradh agus, mar a tharlaíonn, is ar an lá inniu, an 26ú Meán Fómhair, a bhíonn an lá ceiliúrtha – Lá Eorpach na dTeangacha.

Nollaig Shona sa Bhreatnais.

Is é aidhm an lae go mbeidh tuiscint ag daoine go bhfuil fiúntas i ngach teanga. Ar a bharr sin, spreagann sé daoine le teanga eile a fhoghlaim. Ceann de na rudaí a thabharfaidh tú faoi deara faoi theangacha eile ná go bhfuil nathanna cainte difriúla acu. Ciallaíonn sin go mbíonn bealach deas snasta ag gach teanga le rud a rá nó le pointe a dhaingniú. In amanna, ní chiallaíonn sé rud ar bith má aistrítear go teanga eile é focal ar fhocal.


Le plé:

An bhfuil sé tábhachtach go bhfuil a fhios ag daoine go bhfuil teangacha eile ann? Cén dóigh a léiríonn daoine dímheas ar theangacha eile?


Deirtear go mbíonn sé níos fusa an tríú teanga a fhoghlaim má tá dhá theanga agat cheana féin. An bhfuil seo fíor, dar leat?


Le déanamh:

An dtig leat smaoineamh ar nathanna cainte i nGaeilge, rudaí a bhfuil ciall leo i nGaeilge ach nach bhfuil ciall leo i dteanga ar bith eile má aistrítear iad focal ar fhocal. Seo cúpla ceann le tús a chur le do liosta:


Bhí mé dubh dóite

Tá iontas an domhain orm

Tá béal bán agat


Pictiúir:

Bundúchasach: LittlePanda29 / Shutterstock.com



baruil