Oileán Mhanann

 

An 24ú Bealtaine, 2023.


Bhí deis thar a bheith spéisiúil ag daltaí Rang 6 agus 7 ó Ghaelscoil na mBeann, Cill Chaoil, ar na mallaibh nuair a thug siad cuairt ar Oileán Mhanann. Is oileán beag é Oileán Mhanann atá suite i Muir Éireann, thart faoi leath bealaigh idir Éire agus Sasana. Bíonn sé furasta é a fheiceáil ó chósta Chontae an Dúin ar lá grianmhar agus is minic a d’amharc na daltaí anonn chuige ó bhaile Cill Chaoil.  


Cosúil lenár dtír féin, tá stair Cheilteach ag Oileán Mhanann agus labhair siad Gaeilge Mhanann ansin ar feadh na mílte bliain go dtí gur tháinig an Béarla i réim. Tá bunscoil amháin ar an oileán ina mbíonn na daltaí ag foghlaim trí Ghaelg (Gaeilge Mhanann) - An Bhunscoil Ghaelgagh is ainm di. Chuaigh daltaí Ghaelscoil an mBeann anonn ar eitilt ó Bhaile Átha Cliath chun bualadh leis na Gaeil óga ón Bhunscoil Ghaelgagh.



Bhí am ar dóigh ag na daltaí ón dá scoil, ag foghlaim faoi na cosúlachtaí atá idir an dá theanga agus an dá chultúr s’acu. Nuair a thug siad cuairt ar an chaisleán i mbaile Peel, bhí deis acu éisteacht le scéalta faoi stair na Lochlannach ar Oileán Mhanann - gné eile atá an-chosúil lenár stair féin anseo in Éirinn. Ghlac na daltaí uilig páirt i gcéilí mór lena chéile agus le mórphobal an bhaile, imeacht eile atá traidisiúnta anseo in Éirinn. 


Is léir gur eispéireas iontach ar fad a bhí ann do pháistí Ghaelscoil na mBeann, ag tabhairt cuairt ar áit úr shuimiúil agus ag bualadh le cairde nua. Bhí deis acu triail a bhaint as neart imeachtaí spraíúla chomh maith, cosúil leis an bhoghdóireacht, bac-chúrsa, ardchúrsa rópaí, turas báid, srl. 


Bhí siad ag baint an oiread sin suilt as gur shíl siad go bhfanfadh siad oíche sa bhreis ar an oileán! Bhuel, le fírinne, bhí orthu fanacht ar feadh oíche bhreise mar nach dtiocfadh leis an eitleán tabhairt faoin turas abhaile mar gheall ar an cheo! Ach i ndiaidh oíche eile, in óstán deas, d’imigh daltaí agus foireann Ghaelscoil na mBeann leo ar a mbealach abhaile sa deireadh. 


(Gabhann NuachtAnois buíochas le Gaelscoil na mBeann as cead a thabhairt dúinn a gcuid grianghraf a úsáid san alt seo.)

Le plé nó le déanamh

Aimsigh Oileán Mhanann (agus Cill Chaoil) ar léarscáil. Cá fhad atá sé (i líne dhíreach) ar shiúl ó Chill Chaoil? Cá fhad atá sé ar shiúl ón scoil s’agatsa? 

 

Bíonn báid iascaireachta agus báid bheaga ag dul anonn go hOileán Mhanann ó chósta an Dúin go minic sa samhradh, ach thig an turas a bheith garbh in amanna. An raibh tusa ar thuras báid riamh? Ar loch nó ar muir? Cad é mar a bhí sé? Inis do do rang faoi.

 

Má bhíonn deis agat, tabhair cuairt ar an trá agus cruthaigh pictiúr as an ábhar nádúrtha a bhíonn le fáil ar an ghaineamh (feamainn, sliogáin, clocha duirlinge, srl.). Nó, má bhíonn an trá rófhada uait, tarraing do phictiúr féin den trá. 


Taighde ar na teangacha

Thig libh a fheiceáil (agus a chloisteáil) cé chomh cosúil agus atá Gaeilge Mhanann le Gaeilge na hÉireann ar an leathanach seo faoi ainmneacha na n-ainmhithe.  

 

Tá cuid mhór rannán eile ag an suíomh sin, más maith libh a fhiosrú an aithníonn sibh focail ar bith eile atá cosúil lena chéile sa dá theanga.


Agus seo mír eolais (i mBéarla, den chuid is mó) ón BBC faoin nasc idir Gaelscoil na mBeann agus an Bhunscoil Ghaelgagh, nuair a tháinig muintir Mhanann ar cuairt chuig Éirinn cúpla bliain ó shin.

(Físeán leis an BBC)


Tá roinnt póstaer le híoslódáil anseo a léiríonn focail choitianta i nGaeilge, i nGaeilge Mhanann agus i nGàidhlig na hAlban. (Seo iad thíos)


baruil