Seachtain na hEolaíochta 2026

Dé Máirt, an 10ú Samhain 2026


An maith leat róbait? Nó an spás, nó aireagáin nua? Cad é faoi ainmhithe agus turgnaimh? Más maith leat cuid ar bith acu sin, beidh spéis agat i Seachtain na hEolaíochta, atá ar siúl an tseachtain seo! Is ceiliúradh speisialta í ar an eolaíocht agus bíonn sí ar siúl gach bliain thart ar thús mhí na Samhna.

Le linn na seachtaine, bíonn imeachtaí speisialta ar siúl agus bíonn deis ag páistí agus daoine fásta níos mó a fhoghlaim faoin domhan thart orainn. Beidh seónna eolaíochta ann, beidh seans ag daoine páirt a ghlacadh i gceardlann nó turgnamh a dhéanamh. Agus, ar ndóigh, beidh seans agaibh bualadh le heolaithe – na daoine a oibríonn san eolaíocht gach lá.

An bhfuil a fhios agat go bhfuil an eolaíocht le feiceáil i ngach cuid dár saol laethúil? Cuidíonn sí linn tuiscint a fháil ar an aimsir agus tuar na haimsire a dhéanamh, mar shampla. Faighimid amach cén dóigh a n-oibríonn ár gcorp agus cén dóigh a dtiocfadh an teicneolaíocht a úsáid níos fearr. Gan an eolaíocht, ní bheadh gutháin phóca againn, ná ríomhairí ná fiú cluichí físeáin. Seans maith go n-aontaíonn tú go bhfuil an eolaíocht tábhachtach!

I mbliana is é an t-uisce téama na seachtaine. Tá ról thar a bheith tábhachtach ag an uisce ar a lán dóigheanna. Mar shampla, an bhfuil a fhios agat go bhfuil do chorp déanta de thart ar 60% uisce? Mar gheall ar an téamh domhanda, bíonn eolaithe ag obair ar dhóigheanna a dtiocfadh linn an soláthar uisce a chosaint do na glúnta atá le teacht.

Cad é an rud is tábhachtaí faoin eolaíocht, mar sin? Má chuireann tú ceist ar eolaithe is é an freagra is coitianta ná go dtosaíonn a spéis le ceist. ‘Cad chuige?’ nó ‘Cad é mar a oibríonn sin?’ Má bhíonn ceisteanna mar sin agat féin, ná bíodh eagla ort iad a chur. Seans go bhfuil eolaí istigh ionat féin!


Ceisteanna:

1. Cad iad na cineálacha imeachtaí a bhí ar siúl le linn Sheachtain na hEolaíochta? Luaigh 2 rud.

2. Cén téama atá ag Seachtain na hEolaíochta i mbliana?

3. Cén céatadán de do chorp atá déanta d’uisce?

4. Cad iad na ceisteanna a chuireann eolaithe go minic?

5. Cad e an teachtaireacht atá ag deireadh an ailt?


Le plé:

Cad iad na rudaí is tábhachtaí atá againn a tháinig amach mar gheall ar an eolaíocht. Déan liosta. Cuir an liosta i gcomparáid le do chara. Is féidir vóta a dhéanamh sa rang de na rudaí is tábhachtaí, dar leis na daltaí.


In bhur ngrúpaí, déanaigí liosta de dhóigheanna a dtiocfadh linn uisce a shábháil. B’fhéidir go mbeadh aireagán nua de dhíth le cuidiú libh. Déanaigí cur síos ar an aireagán nua seo.


Tuairisc:

Coinnigh dialann ar feadh lá amháin agus déan nóta de na rudaí seo a leanas:

    • Cá mhéad uair a d’ól tú uisce

    • Cá háit eile ar úsáid tú uisce

    • Déan tomhas cá mhéad uisce a d’úsáid tú gach uair.


Tá acmhainní don seomra ranga ag Uisce Éireann anseo, ach ní raibh mé ábalta teacht ar leagan Gaeilge dóibh, cé go bhfuil cuid de na leathanaigh ar an suíomh ar fáil i nGaeilge.



meas