Meas ar na crainn

Dé Máírt, an 3ú Samhain 2026


Le Brídín Ní Dhonnghaile

Fadó fadó in Éirinn, sula raibh rialtas ná póilíní ar bith sa tír, bhí dlíthe ann darbh ainm An Féineachas. Bhí na dlíthe seo in úsáid chun cuidiú le daoine maireachtáil go suaimhneach lena chéile.


Tagann ‘féineachas’ ón fhocal ‘féin’. Ciallaíonn féine ‘duine saor’ - ní sclábhaí - agus baineann an féineachas leis na cearta uilig a bhí ag na daoine saora sa seanam. Is féidir ‘dlí na féine’ a thabhairt ar an fhéineachas fosta.

Tugann adhmad foscadh dúinn

Bhain grúpa de na dlíthe seo leis na crainn, rud a léirigh an tábhacht a bhí ag na crainn dár sinsir Ghaelacha. Bhí na crainn luachmhar, úsáideach agus draíochtúil, fiú. Is ó na crainn a fuair daoine bia, foscadh, uirlisí agus teas. Dá bharr sin, ba choir é crann a leagan gan chead. Bhí ceithre aicme de chrainn sna dlíthe, ag brath ar thábhacht an chrainn.

Is í an dair rí na gcrann


🌳 Bhí seacht gcrann sa ghrúpa ba thábhachtaí – Na Crainn Uaisle – dair, coll, cuileann, iúr, fuinseog, ailm (tugtar ‘giúis’ ar an chrann seo anois) agus úll. Bhí na crainn seo thar a bheith luachmhar. Mar shampla, úsáideadh crainn darach chun tithe agus báid a thógáil agus, ar ndóigh, faighimid bia ó na crainn úll. Dá ndéanfadh duine ar bith dochar do chrann uasal, bheadh orthu éiric mhór a íoc, amhail beithígh nó rudaí luachmhara a thabhairt mar chúiteamh.

🌳 Sa dara rannóg, bhí crainn mar an fearn agus an tsaileog. Bhí siad seo úsáideach ach ní raibh siad chomh luachmhar ná chomh tábhachtach leis na crainn uaisle. Bheadh éiric giota níos lú le híoc má rinne tú damáiste do chrann mar seo. 

Draighean


🌳 Sa tríú rannóg, bhí driseacha ar nós draighean agus trom. Baineadh úsáid astu seo le sconsaí a thógáil nó uirlisí a chruthú. D’ith daoine na caora a d’fhás orthu fosta. Má rinneadh dochar dóibh siúd, ní raibh ach cúiteamh beag le déanamh.

🌳 Sa rannóg dheireanach, bhí na plandaí ba lú tábhacht. De ghnáth, ní bheadh aon chúiteamh le déanamh as iad a ghearradh.

An rud ba thábhachtaí faoi dhlíthe na gcrann ná cé chomh cothrom agus cúramach a bhí siad. Dá ngearrfadh duine crann, níor gearradh an éiric chéanna orthu i gcónaí. Bhí sé ag brath ar rudaí éagsúla – cá raibh an crann ag fás agus cén méid dochair a rinneadh dó. Má bhí dochar déanta don chrann ach bhí sé go fóill beo, ba lú an cúiteamh ná má bhí an crann leagtha go talamh.

Tá ceangal mór ag na crainn le miotaseolaíocht na hÉireann chomh maith. Creidtear go bhfuil dea-ádh ag baint le cuid crann agus go bhfuil cosaint, don bhaile nó do dhaoine, ag baint le cuid eile. 

Fiú sa lá inniu, creideann daoine go bhfuil dea-ádh ag baint le crainn

Chreid daoine go raibh na crainn críonna. Mar shampla, tá ceangal ag an chrann coill le heolas agus le foghlaim. Thug na daoine ‘bile’ ar chrann a shíl siad a bhí beannaithe ar bhealach éigin – ba chrainn mhóra iad seo a bhí ann le tamall fada. Dá ngearrfá ceann acu seo síos, thiocfadh leat mí-ádh chomh maith le héiric a tharraingt ort féin. Tá an focal ‘bile’ le fáil i gcuid mhór logainmneacha. 

Léiríonn na sean-dlíthe seo dúinn go raibh dáimh mhór ag ár sinsir leis an dúlra. Leag siad béim mhór ar an chothromaíocht sa saol. Thuig siad go raibh tábhacht ag na crainn don todhchaí. Trí dhlíthe láidre a leanstan leis na crainn a chosaint, chinntigh siad gur mhair na coillte ar feadh tamall fada.

Léiríonn na dlíthe seo nach smaoineamh nua é aire a thabhairt don timpeallacht. Ba chur chuige luachmhar é dár sinsir leis na mílte bliain.


Thiar san am a raibh an Ghaeilge i mbéal phobal uile na tíre seo, baineadh feidhm as ainmneacha ár gcrann dúchasach agus as rudaí nádúrtha le fuaimeanna na haibítre a theagasc do pháistí:

Ailm, Beith, Coll, Dair, Eabhadh, Fearn, Gort, hUath, Ifín, Luis, Muin, Nion, Oir, Peith, Ruis, Sail, Tinne, Úr

Ceisteanna

    1. Cad chuige ar cuireadh an grúpa dlíthe darbh ainm An Féineachas i bhfeidhm in Éirinn fadó?

    2. Luaigh trí rud a fuair ár sinsir Ghaelacha ó na crainn.

    3. Cad é an choir a bhí i gceist maidir leis na crainn?

    4. Cá mhéad aicme, nó grúpa, de chrainn a bhí sna dlíthe, agus cén t-ainm a bhí ar an ardaicme (an grúpa ba thábhachtaí)?

    5. Ainmnigh ceithre cinn de na crainn a bhí san ardaicme.

    6. Cad é a bhí le tabhairt mar éiric (fíneáil) má rinneadh dochar do chrann uasal?

    7. Cad é mar a bhí na crainn sa dara rannóg (m.sh. an fearn agus an tsaileog) difriúil leis na Crainn Uaisle?

    8. Cad iad an dá rud éagsúla a mbeadh méid na héirice (nó na fíneála) ag brath orthu, nuair a gearradh crann?

    9. De réir mhiotaseolaíocht na hÉireann, cén tréith a bhaineann leis an chrann coill?

    10. Cad é a léiríonn na sean-dlíthe seo faoi dhearcadh ár sinsear maidir leis an timpeallacht?


Le plé agus le déanamh:


1. Taighde ar Chrann Dúchasach:

        ◦ Roghnaigh ceann amháin de na crainn atá luaite san alt.

        ◦ Déan taighde ar an chrann sin agus faigh amach:

            ▪ Cad é mar a bhí sé úsáideach do mhuintir na hÉireann fadó?

            ▪ An bhfuil baint aige le scéalta nó miotaseolaíocht eile nach bhfuil san alt seo?

            ▪ Cad é mar a úsáidtear an crann sin sa lá atá inniu ann?

            ▪ Cá bhfásann sé de ghnáth?

        ◦ Cuir do chuid eolais i láthair mar phóstaer nó mar chur i láthair gairid (3-4 sleamhnán).


2. Comparáid Dlíthe: An Féineachas agus an Lá Inniu:

        ◦ Déan comparáid idir an dóigh ar chaith na sean-dlíthe le crainn agus an dóigh a gcaitear leo in Éirinn an lae inniu.

        ◦ Freagair na ceisteanna seo:

            ▪ An bhfuil aon dlíthe ann go fóill a chosnaíonn crainn nó an timpeallacht go ginearálta?

            ▪ An mbeadh an éiric mar an gcéanna inniu dá ndéanfaí damáiste do chrann mór luachmhar?

            ▪ Cad é mar a d’athraigh tábhacht na gcrann i saol an duine ó aimsir An Fhéineachais go dtí an lá inniu?

        ◦ Eagraigh na pointí seo i léaráid Venn nó i dtábla le codarsnachtaí agus cosúlachtaí a thaispeáint.


3. Dlíthe Nua-Aimseartha agus Rangú na nAicmí:

        ◦ Dá mbeadh dlíthe nua ann sa lá inniu i stíl An Fhéineachais (dlíthe chun rudaí tábhachtacha a chosaint), cén rud a roghnófá lena chosaint (m.sh. uisce, ainmhithe, nó foirgnimh stairiúla)?

        ◦ Roinn do rogha i gceithre aicme, cosúil leis an chóras sna sean-dlíthe (m.sh., Na Rudaí Uaisle, An Dara Rannóg srl.).

        ◦ Déan liosta de na héiricí (fíneálacha) a ghearrfaí ar dhuine a dhéanfadh damáiste do gach aicme.

        ◦ Mínigh an fáth ar roghnaigh tú na haicmí agus na pionóis sin.



meas