Cearta ag Loch nEathach?

Déardaoin, an 15ú Deireadh Fómhair 2026


Is é Loch nEathach an loch is mó in Éirinn. (Déanta na fírinne, tá sé níos mó ná loch ar bith eile sa Bhreatain Mhór fosta.) 


Ar feadh na mblianta, bhí clú agus cáil ar Loch nEathach mar cheantar galánta. Thiocfadh éin ón Artach leis an gheimhreadh a chaitheamh thart ar an loch. Chomh maith leis sin, bhí na mílte eascann le fáil i bhfionnuisce an locha. 

(Is cineál éisc í an eascann, cé go bhfuil sí cosúil le nathair)


Ar an drochuair, níl uisce Loch nEathach chomh glan sin na laethanta seo. Le fírinne, thiontaigh sé glas le cúpla bliain anuas mar gheall ar an truailliú. Tá cosc ar chuid iascaireachta ar an loch agus níl muintir na háite ag iarraidh dul a shnámh ann níos mó. 

(uisce glas Loch nEathach - pic le Studio 70SN/Shutterstock.com)


Ní nach ionadh go bhfuil a lán daoine míshásta leis an truailliú. Ach, cad é ba chóir a dhéanamh le cúrsaí a chur ina gceart? Faraor, ní thig le gach duine aontú air sin! Tá polaiteoirí agus rannóga éagsúla an rialtais ag cur an mhilleáin ar a chéile, ach níl duine ar bith acu ag athrú béas le stop a chur leis an truailliú.


Deir cuid daoine go luíonn an locht leis na feirmeoirí thart ar an loch agus na leasuithe a chuireann siad ar an talamh le go bhfásfaidh na barra níos fearr agus le go mbeidh níos mó ainmhithe ábalta bheith beo air. Cuireann na leasuithe ceimiceáin bhreise shaorga isteach sa talamh. Ní féidir leis an talamh déileáil le gach rud a chuirtear isteach ann. Nuair a thiteann an fhearthainn ritheann cuid de na ceimiceáin seo isteach sa loch. 

(leasú á scaipeadh ar an talamh)


Deir daoine eile go dtagann na fadhbanna ón fhuíolluisce. Tá NI Water freagrach as an chóras séarachais sna Sé Chontae, ach deir siad nach bhfuil go leor airgid acu leis an seanchóras a chóiriú agus a athnuachan. Mar gheall air sin, cuireann NI Water na milliúin tona séarachais isteach i Loch nEathach gach bliain. 

(fuíolluisce)


Tá gearáin ann faoi ghrúpaí eile fosta agus an dochar atá á dhéanamh acu don loch, ach ní réitíonn na gearáin an fhadhb. Tá smaoineamh úr á phlé, áfach, le tamall beag anuas, a thugann léargas nua ar chúrsaí. Ar chóir dúinn stádas an duine a thabhairt do Loch nEathach?



Cad é an difear a dhéanfadh sé sin? Bhuel, bíonn cearta ag daoine, rud nach bhfuil ag Loch nEathach. Mar sin, má dhéanann daoine dochar do dhuine eile, bíonn orthu íoc as an damáiste agus rudaí a chur ina gceart arís. Tugann an dlí cosaint do na cearta atá againn mar dhaoine. 


Ach, cad é mar is féidir cearta a thabhairt do rud nach duine é, cosúil le loch? Bhuel, rinneadh seo i gcúpla tír eile, an Nua-Shéalainn, mar shampla. Tagann an smaoineamh ón mhuintir bhundúchasacha mar go gcreideann siad go mbíonn spiorad ag na haibhneacha, na locha agus na sléibhte. Creideann siad go dtugann an timpeallacht beatha dúinn agus, mar sin de, caithfimid í a chosaint. 

(buachaill bundúchasach san Astráil - pic le ChameleonsEye/Shutterstock.com)


Ní bhíonn an dearcadh céanna ag daoine san Eoraip, ná i Meiriceá Thuaidh, cuirim i gcás. Sna tíortha sin, baineann daoine úsáid as an nádúr. Ní bhíonn siad róbhuartha faoin timpeallacht a chosaint. Ach, d’éirigh an mhuintir bhundúchasacha (i dtíortha cosúil leis an Nua-Shéalainn) buartha go mbeadh a gceantair áille scriosta ag daoine geala nár thuig tábhacht an nádúir. Mar sin, rinne siad cás sa dlí “pearsanúlacht dhleathach” a thabhairt d’abhainn nó d’fhoraois ina gceantar. Mar shampla, sa Nua-Shéalainn, tá stádas an duine ag an Abhainn Whanganui.

(An Abhainn Whanganui)


An bhfuil sé in am againne, mar sin, cearta a thabhairt do Loch nEathach? 


Ceisteanna

1. Cad é an loch is mó in Éirinn?

2. Cén fáth ar thiontaigh uisce Loch nEathach glas le cúpla bliain anuas?

3. Ainmnigh dhá rud a thagann isteach sa loch agus a dhéanann truailliú air.

4. Cén tír inar tugadh stádas an duine don Abhainn Whanganui?

5. I do bharúil féin, an smaoineamh maith é stádas an duine a thabhairt do Loch nEathach? Tabhair cúis le do fhreagra.


Le plé agus le déanamh

  • Póstaer a Dhearadh: Cruthaigh póstaer dathúil le daoine eile a ghríosú chun Loch nEathach a ghlanadh agus a chosaint ó thruailliú. Smaoinigh ar mhana spreagúil a úsáid!
  • Scríbhneoireacht Chruthaitheach: Smaoinigh gur tusa an loch féin. Scríobh litir chuig na polaiteoirí ag míniú an dóigh a mothaíonn tú faoin truailliú agus cad iad na cearta a mbeadh uait.
  • Díospóireacht sa Rang: Roinn an rang ina dhá ghrúpa le dul i mbun díospóireachta ar an ábhar: “Ar chóir stádas agus cearta duine a thabhairt do Loch nEathach sa dlí?”
  • Tionscnamh Taighde: Déan taighde ar abhainn nó ar loch atá gar do do scoil nó do do theach. Cad iad na hainmhithe a chónaíonn ann, agus an bhfuil sí glan nó truaillithe?
  • Léitheoireacht bhreise: Déan taighde breise ar Loch nEathach anseo. Scríobh síos 3 phíosa eolais a fuair tú amach.

meas