Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

An mbeidh stailc ann Dé Céadaoin nó nach mbeidh? Sin an cheist atá daoine ó dheas a chur, daltaí agus múinteoirí san áireamh. Agus seo á scríobh, bhí an stailc le dul ar aghaidh ach bhí an Rialtas ag iarraidh cainteanna a eagrú leis an stailc a stopadh.

Téann oibrithe ar stailc nuair a bhíonn siad míshásta faoi rudaí, an dóigh a ndéanann siad an obair nó pá íseal, mar shampla. Sa chás seo, tá na céadta míle oibrí réidh le dul ar stailc Dé Céadaoin ar mhaithe le tuilleadh pá. Ar na daoine seo, tá altraí, dochtúirí, státseirbhísigh agus múinteoirí. Chiallódh stailc go mbeadh na scoileanna druidte, nach mbeadh obráidí ar siúl sna hotharlanna agus nach mbeadh a lán seirbhísí eile ar fáil.
An mbeidh cainteanna ann roimh an stailc?
Is é an Rialtas an fostóir sna poist seo uilig agus bhí comhaontú ann go mbeadh ardú pá ann cúpla bliain ó shin. Ach níl na ceardchumainn sásta leis an dóigh a bhfuil an Rialtas ag iarraidh na cainteanna faoin ardú pá a reáchtáil. Chomh maith leis sin, tá siad buartha nach bhfuil go leor airgid curtha ar leataobh ag an Rialtas le híoc as an ardú pá.

Tá aighneas ar siúl ag múinteoirí le tamall agus tá siad ag diúltú cuid de na dualgais sa scoil a dhéanamh. Deir siad go ndéanann siad iad ar bhonn deonach agus nach gá dóibh iad a dhéanamh. Má tharlaíonn an stailc Dé Céadaoin, beidh brú ar a lán tuismitheoirí a bhíonn ag obair nó beidh orthu socruithe eile a dhéanamh nuair a bheidh na páistí sa bhaile in ionad bheith ar scoil. Mar bharr ar an donas, tá stailc eile beartaithe don tseachtain dár gcionn, an 21ú Deireadh Fómhair.
Is é an Taoiseach, Micheál Martin, ceannaire an Rialtais
Cén ról atá ag gach duine sa stailc?
Ceardchumann: Eagraíocht a dhéanann ionadaíocht ar son na n-oibrithe. Is é an ceardchumann a fhógróidh stailc i ndiaidh dóibh labhairt leis na hoibrithe.
Oibrithe: Na daoine a dhéanann an obair agus a fhaigheann pá ar a shon.
Fostóirí: Na daoine a íocann an pá, sa chás seo, an Rialtas. Tógann an Rialtas an t-airgead seo ón cháin a dhíolann daoine.
An mbeidh na seomraí ranga folamh Dé Céadaoin?
Ceisteanna:
1. Cén cheist mhór atá daoine ó dheas a chur faoi láthair?
2. Cad chuige a dtéann daoine ar stailc, de ghnáth? Luaigh 2 chúis.
3. Cad é a tharlódh do na scoileanna dá rachadh an stailc ar aghaidh?
4. Cad chuige nach bhfuil na ceardchumainn sásta leis an Rialtas?
5. Cén dáta a bhfuil stailc eile beartaithe dó?
Le déanamh:
Samhlaigh gur múinteoir nó altra thú sa scéal seo. Scríobh 3 abairt ag míniú cad chuige a bhfuil tú míshásta leis an Rialtas agus cad é an rud is mó atá ag cur imní ort.
Pléigh an tionchar a bheadh ag stailc scoile ar theaghlaigh agus ar thuismitheoirí a mbíonn orthu dul ar obair. Déan liosta de na deacrachtaí a fheiceann tú.
Pictiúir:
Mícheál Martin: Simon Roughneen / Shutterstock.com