Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Fáilte go dtí Seachtain Mhatamaitice na hÉireann! Seachtain iomlán ina dtig linn aghaidh a thabhairt ar na hiontais a bhaineann leis an Mhata. Le linn na seachtaine seo, eagraítear imeachtaí speisialta i scoileanna agus taobh amuigh. Bíonn quizeanna, cluichí uimhreacha, puzail loighce agus gníomhaíochtaí spraíúla eile ar siúl. Taispeánann siad do gach duine nach ábhar leadránach é an mata, ach ábhar spéisiúil a úsáidimid gach lá.
An raibh a fhios agat go mbíonn an mata thart orainn an t-am ar fad? Smaoinigh ar na háiteanna a n-úsáidimid é. Nuair a insímid an t-am, nuair a bhímid ag siopadóireacht, nuair a bhímid ag bácáil agus fiú nuair a imrímid cluichí. Ar a bharr sin, cuidíonn sé linn fadhbanna a réiteach agus tuiscint cheart a fháil ar rudaí.

Má bhíonn tú amuigh sa siopa, mar shampla, cén dóigh a mbeadh a fhios agat go bhfuil go leor airgid agat leis na rudaí a cheannach mura mbíonn tú ábalta mata ó mheabhair a dhéanamh? Má tá tú ag iarraidh cuairt ar chara a phleanáil, cuidíonn an mata leat a fháil amach cá fhad a ghlacfaidh sé. Nó má bhíonn tú ag imirt dairteanna, beidh ort bheith ábalta uimhreacha a dhealú óna chéile go gasta.
Dairteanna
Sábhálann an mata am orainn fosta. Má tá barra seacláide agat, thig leat an líon cearnóg a oibriú amach go gasta in ionad gach ceann a chuntas. Iolraigh an líon ag an bhun faoin líon ag an taobh agus gheobhaidh tú an freagra!

Le linn Sheachtain Mhatamaitice na hÉireann, spreagtar páistí le ceisteanna a chur agus triail a bhaint as dúshláin nua. Tá an mata ann do gach duine agus éireoidh tú níos fearr má dhéanann tú é a chleachtadh. Ní bhíonn sé tábhachtach na freagraí uilig a bheith agat láithreach. Is é an rud is tábhachtaí go bhfeiceann tú go bhfuil dóigh le tabhairt faoi rudaí agus go ndéanann tú iarracht. Agus, ar ndóigh, spraoi a bhaint as!

Mar sin, cad chuige nach mbainfeá triail as puzal nua inniu? B’fhéidir go bhfaighfeá amach go bhfuil tú i bhfad níos fearr ag an mhata ná mar a shíl tú!

Ceisteanna:
1. Cén sprioc atá le Seachtain Mhatamaitice na hÉireann de réir an ailt?
2. Luaigh trí áit nó gníomhaíocht a n-úsáidimid an mata iontu gach lá.
3. Cad é mar a chuidíonn an mata linn nuair a bhímid ag siopadóireacht?
4. Cén dóigh a dtugann an t-alt le fios gur féidir linn am a shábháil le barra seacláide?
5. De réir an ailt, cad é an rud is tábhachtaí nuair a bhíonn tú ag déanamh mata?
Le déanamh:
Bain triail as an ‘fhadhb’ seo. Cá mhéad slios atá ar thrí chearnóg le chéile? Déan tomhas. Thiocfadh leat an freagra a fháil le trí chearnóg a chur le chéile nó iad a tharraing agus na sleasa a chuntas. Smaoinigh ar dhóigh a mbeadh an t-eolas seo úsáideach.
Amharc thart ort sa seomra ranga. Faigh rud éigin atá déanta as cearnóga. Faigh amach cá mhéad cearnóg atá ann gan iad uilig a chuntas.
Bain triail as an chluiche mata seo.
Múinteoirí:
Tá acmhainní i nGaeilge ar fáil ó Sheachtain Mhatamaitice na hÉireann anseo.