Olann

Dé hAoine, an 9ú Deireadh Fómhair 2026


Tá deireadh an fhómhair linn agus tá athrú ag teacht ar an aimsir. Tá na laethanta ag éirí níos giorra agus na hoícheanta ag éirí níos faide. Ag an am céanna, tá an aimsir ag éirí níos fuaire fosta. Mar sin, táimid ag tosú a chaitheamh níos mó éadaí agus muid taobh amuigh.

B’fhéidir go bhfuil tú ag caitheamh geansaí inniu. Nó ar chaith tú cóta agus hata ar na mallaibh? Ar smaoinigh tú riamh faoin ábhar as a ndéantar na héadaí teo sin? Bíonn éadaí an gheimhridh déanta as ábhair a choinníonn an teas istigh inár gcorp. Tá ainm speisialta ar ábhar nach ligeann don teas éalú as do chorp - tugaimid ábhar inslitheach air.

Olann

Tá ábhar amháin atá in úsáid ag daoine leis na mílte bliain chun iad féin a choinneáil te i rith an gheimhridh - olann. Is ábhar nádúrtha í an olann. Faighimid olann ó na caoirigh.

Tosaíonn na caoirigh a fhás cóta tiubh olla gach fómhar chun iad féin a choinneáil te i rith an gheimhridh. Ansin, nuair a thagann aimsir níos teo arís ag deireadh an earraigh, éiríonn na caoirigh iontach te lena gcótaí tiubha olla orthu. Is é sin an fáth a ndéanann na feirmeoirí na caoirigh a lomadh roimh an samhradh.

Lomadh caorach

Nuair a chaitheann tú geansaí, hata nó miotóga atá déanta as olann, coinníonn siad teas do choirp istigh ionat. Buntáiste eile a bhaineann le holann, ná go bhfuil sí iomlán nádúrtha. Mar sin de, nuair a éiríonn éadaí olla sean agus caite, is féidir iad a chaitheamh amach mar lobhann olann go nádúrtha sa talamh. Ní hamhlaidh atá an scéal do na hábhair atá saorga, nó cruthaithe ag daoine.

Má amharcann tú ar na lipéid ar do chuid éadaí, feicfidh tú go mbíonn cuid éadaí déanta as ábhair cosúil le poileistear agus níolón. Is ábhair shaorga iad siúd. Tá siad déanta as cineálacha de phlaisteach. Ní lobhann na hábhair sin go furasta. Thig leo truailliú a dhéanamh sa timpeallacht nuair a chaitear amach iad.

Lipéad éadaí

Le leathchéad bliain anuas, rinneadh go leor éadaí as plaisteach, ach sa lá atá inniu ann, tá a fhios againn gur fearr i bhfad filleadh ar an olann mar nach ndéanann sí aon dochar dár dtimpeallacht.


Ceisteanna

    1. Cad é a tharlaíonn do na laethanta agus do na hoícheanta ag deireadh an fhómhair?

    2. Cad é an t-ainm a thugtar ar ábhar nach ligeann don teas éalú as do chorp?

    3. Cá bhfaighimid olann?

    4. Cén uair a dhéanann feirmeoirí na caoirigh a lomadh, agus cad chuige?

    5. Ainmnigh dhá ábhar shaorga atá luaite sa téacs.

    6. Cad é a tharlaíonn d'éadaí olla nuair a éiríonn siad sean agus nuair a chaitear amach iad?

    7. Cá bhfaigheann tú an t-eolas faoi na hábhair as a ndéantar do chuid éadaí?

    8. Cad chuige a bhfuil sé níos fearr don timpeallacht éadaí olla a chaitheamh seachas éadaí poileistir nó níolóin?


Le plé agus le déanamh

    Eolaíocht:

  • Mar rang, amharcaigí ar na lipéid ar bhur gcuid éadaí féin inniu. Déan dhá cholún ar an chlár bhán: Ábhair Nádúrtha agus Ábhair Shaorga, agus scríobh na baill éadaí faoin cholún cheart.

    Ealaíon:

  • Dear do gheansaí nó do hata geimhridh féin. Cuir dathanna agus patrúin air, agus scríobh abairt nó dhó ag míniú cén dóigh a gcoinneoidh sé te thú.

    Scríbhneoireacht Chruthaitheach:

  • Smaoinigh gur caora thú ag deireadh an earraigh agus go bhfuil do chóta tiubh olla á lomadh ag an fheirmeoir. Scríobh gearrscéal gairid nó comhrá faoi mar a mhothaíonn tú!



meas