Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Tá jab mór ag ár múinteoirí. Cuidíonn siad linn rudaí nua a fhoghlaim. Seans maith go bhfuil tú ag léamh an ailt seo cionn is gur chuidigh an múinteoir leat léamh a fhoghlaim. Teagascann siad an dóigh le scríobh, an dóigh le mata a dhéanamh agus taispeánann siad rudaí spéisiúla a bhaineann leis an eolaíocht dúinn. Gan iad, bheadh sé níos deacra againn uilig an domhan seo a thuigbheáil agus na scileanna a bheith againn lenár mbealach a dhéanamh ann.

Tugann ár múinteoirí muinín dúinn
Tá dóigheanna eile a gcuidíonn múinteoirí linn, chomh maith. Cuidíonn siad linn cairde a dhéanamh agus múineann siad an dóigh le plé le daoine eile go measúil. Má bhíonn deacracht againn, cé a bhíonn ann le comhairle a chur orainn? Is ea, an múinteoir. Agus an rud is tábhachtaí a dhéanann múinteoirí ná go dtugann siad muinín dúinn le go dtiocfaidh linn rudaí a dhéanamh muid féin.

An bhfuil saol ró-chrua ag múinteoirí?
Oibríonn múinteoirí go dian gach lá. Caitheann siad am ag ullmhú ceachtanna, ag ceartú obair bhaile agus ag smaoineamh ar dhóigheanna spraíúla leis an fhoghlaim a dhéanamh níos spéisiúla. Gach bliain, bíonn lá speisialta ann do na múinteoirí, Lá Domhanda na Múinteoirí, ar an 5ú Deireadh Fómhair. Tugann an lá seo seans dúinn ár mbuíochas a ghabháil le múinteoirí. Déanann roinnt páistí cártaí buíochais, páistí eile, scríobhann siad litreacha deasa nó tarraingíonn siad pictiúir dheasa dá múinteoirí.

Bhí na mílte páiste ar stailc sa Fhrainc
Sa Fhrainc, aithníonn na páistí cé chomh tábhachtach is atá na múinteoirí. An tseachtain seo a chuaigh thart, chuaigh na mílte acu ar stailc agus druideadh na céadta scoil. Níl siad sásta nach bhfuil go leor múinteoirí ar fáil agus go bhfuil barraíocht páistí brúite isteach i seomraí ranga atá ró-bheag! Thosaigh an stailc sa phríomhchathair, Páras, agus spréigh sí amach chuig áiteanna eile sa Fhrainc ina dhiaidh.

Ceisteanna:
1. Luaigh 3 rud a theagascann múinteoirí.
2. Cad é an rud is tábhachtaí a dhéanann múinteoirí, dar leis an alt?
3. Cén dáta a mbíonn Lá Domhanda na Múinteoirí ann gach bliain?
4. Luaigh 2 rud a dhéanann páistí lena mbuíochas do mhúinteoirí a chur in iúl.
5. Cad chuige a raibh páistí sa Fhrainc ar stailc?
Le plé:
Cad iad na deacrachtaí a bhíonn ag páistí agus ag múinteoirí má bhíonn barraíocht páistí brúite isteach i seomra ranga atá ró-bheag? Déanaigí liosta. Is féidir vóta ranga a dhéanamh ar an rud is measa leis na páistí.
Le déanamh:
Dear cárta buíochais nó scríobh litir ghairid chuig do mhúinteoir féin. Luaigh an ceacht is fearr leat a rinne sé nó sí agus cad é a d’fhoghlaim tú as?
Tarraing pictiúr de do mhúinteoir ag déanamh an rud is fearr leatsa, mar shampla, ag léamh scéil, ag taispeáint rud eolaíochta nó ag caint go ciúin le páiste.
Pictiúir:
Léirsiú sa Fhrainc: Clement Demazure / Shutterstock.com
T-Léine san fhuinneog: Real_life_photo / Shutterstock.com