Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Is lá speisialta é an lá inniu a thugann aird ar chuid dár gcorp. Inniu Lá Domhanda an Chroí, an 29ú Meán Fómhair. Cad chuige a bhfuil lá speisialta ann don chroí, mar sin? Sa chéad dul síos, ní thig le duine ar bith bheith beo gan an croí! Is é an croí an matán is láidre sa chorp agus ní stopann sé de bheith ag bualadh le linn do shaoil, ó thús deireadh.
Fuil
Is é an jab atá ag do chroí ná fuil a phumpáil thart ar do chorp. Téann fuil atá lán ocsaigine amach ón chroí sna hartairí. Bíonn an ocsaigin de dhíth ar na matáin eile le go mbeidh siad ábalta oibriú. Mura bhfaigheann tú go leor ocsaigine chuig na cosa agus tú ag rith, mar shampla, mothóidh na cosa lag i ndiaidh tamaill. Tagann an fhuil ar ais sna féitheacha le tuilleadh ocsaigine a thógáil arís.
Téann an fhuil tríd na hartairí go dtí gach cuid den chorp
Glacann sé thart ar 45 soicind don chroí fuil a phumpáil thart ar an chorp uilig. Is féidir an chuisle, nó buillí an chroí, a mhothú ag an áit a dtagann an ordóg agus caol na láimhe le chéile. Cuir méar nó dhó ansin agus beidh tú ábalta an chuisle a mhothú. Buaileann do chroí thart ar 100,000 uair gach lá.

Cé gurb é an croí an matán is láidre sa chorp, ní mór dúinn cúram a thabhairt dó. Is féidir taom croí a bheith agat má éiríonn ceann de na hartairí sa chroí blocáilte. Tarlaíonn fadhbanna croí, de ghnáth, agus daoine níos sine ach is fiú cuidiú le do chroí anois agus tú óg.
Téann na hartairí agus na féitheacha go dtí gach cuid den chorp
Cad é is féidir leat a dhéanamh le cuidiú le do chroí?
• Ith níos mó torthaí agus glasraí
• Déan aclaíocht: bí ag rith, ag siúl nó ag súgradh taobh amuigh gach lá
• Ól go leor uisce
• Faigh codladh maith gach oíche
• Déan iarracht gan barraíocht bia milis a ithe ná deochanna atá lán siúcra a ól
An croí
Ní hamháin go gcuidíonn aclaíocht leis an chorp, cuidíonn sí leis an chroí a bheith láidir chomh maith. Nuair a bhíonn tú ag imirt peile, ag damhsa, ag rothaíocht nó fiú ag siúl go gasta, bíonn tú ag tabhairt aclaíochta do do chroí.

Ceisteanna:
1. Cén dáta a bhfuil Lá Domhanda an Chroí ann?
2. Cad é an jab atá ag an chroí?
3. Déan cur síos ar an difear idir artaire agus féith.
4. Cé chomh fada a thógann sé ar an chroí fuil a phumpáil thart ar an chorp uilig?
5. Cá mhéad uair a bhuaileann an croí gach lá?
Mata:
Aimsigh do chuisle ag caol na láimhe mar a mhínítear san alt. Scríobh síos cá mhéad uair a bhuaileann do chroí taobh istigh de 30 soicind. Cá mhéad uair a bhuailfidh do chuisle taobh istigh de lá iomlán (Tá 60 soicind i mbomaite, 60 bomaite in uair an chloig agus 24 uair an chloig sa lá).
Déan aclaíocht (léim thart nó rith in airde, mar shampla) ar feadh 2 bhomaite. Aimsigh do chuisle arís. Scríobh síos an ráta cuisle. Cad é an difear atá ann anois? Cad chuige a dtarlaíonn seo?
Sláinte:
Déan liosta de na rudaí sláintiúla a dhéanann tú faoi láthair. Déan liosta nua de rudaí a thiocfadh leat a dhéanamh le bheith níos sláintiúla do do chroí.