An Srónbheannach

An Chéadaoin, an 23ú Meán Fómhair, 2026



An bhfaca tú srónbheannach riamh? Gach seans, nach bhfaca mar cónaíonn siad san Afraic agus san Áise. Ní bhíonn an srónbheannach le feiceáil in Éirinn, ach amháin sa zú. 


Is ainmhí mór trom é an srónbheannach. Níl sé chomh mór leis an eilifint, ach go fóill féin, níor mhaith leat go mbeadh ort srónbheannach a thógáil ná a iompar! Is minic a bhíonn an srónbheannach fásta chomh mór le carr!


Is luibhiteoir é an srónbheannach, nó ní itheann sé feoil ar bith. Is maith leis na srónbheannaigh féar agus duilleoga a ithe. Itheann siad CUID MHÓR plandaí, áfach, idir 36 - 55kg de phlandaí GACH LÁ! Is ionann sin agus thart faoin mheáchan chéanna le beirt pháistí atá 8 mbliana d’aois! 


Ní nach ionadh, caitheann an srónbheannach bunús an lae ag ithe. Bíonn sé ag ithe ar feadh 10 - 12 uair! 


Is ainmhí ciúin é an srónbheannach bunús an ama, ach thig leis ionsaí a dhéanamh ar ainmhí eile nó ar dhuine má mhothaíonn sé faoi bhagairt. Níl radharc na súl rómhaith ag na srónbheannaigh, ach tá srón ghéar acu agus thig leo bagairtí a bholú i bhfad uathu.


Is é an duine an t-aon namhaid amháin atá ag an srónbheannach. Scriosann daoine áit chónaithe na n-ainmhithe seo. Maraíonn daoine srónbheannaigh d'aon turas lena n-adharca a fháil fosta. 

(Tá adharc, nó beann, fhada luachmhar ar an srónbheannach seo.)


Ar an drochuair, mar gheall ar na daoine, tá an srónbheannach go mór i mbaol. Tá cineál amháin den srónbheannach chóir a bheith imithe in éag cheana féin - An Srónbheannach Bán Tuaisceartach. Níl ach beirt den chineál sin srónbheannaigh fágtha ar dhromchla an domhain, agus is srónbheannaigh bhaineanna iad an bheirt sin. Maireann siad sa Chéinia agus bíonn gardaí á gcosaint de lá agus d’oíche. 


Ceisteanna

  1. Cá as a dtagann an srónbheannach?
  2. Cá háit in Éirinn a bhfeicfeá an srónbheannach?
  3. Cé chomh mór is a bhíonn srónbheannach fásta de ghnáth?
  4. Cad is luibhiteoir ann?
  5. Cá mhéad ama a chaitheann an srónbheannach ag ithe gach lá?
  6. Cad é mar a thugann an srónbheannach bagairtí faoi deara de ghnáth?
  7. Cé hé namhaid an tsrónbheannaigh agus cén fáth?
  8. Cá mhéad Srónbheannach Bán Tuaisceartach atá fágtha ar domhan agus cá bhfuil siad ina gcónaí?


Le plé agus le déanamh

  • Ealaín & Eolas: Cruthaigh póstaer le daoine a spreagadh chun an srónbheannach a chosaint. An féidir leat mana maith a chumadh do do phóstaer? 
  • Scríbhneoireacht Chruthaitheach: Samhlaigh gur garda thú ag tabhairt aire don dá Shrónbheannach Bhána Thuaisceartacha. Scríobh iontráil dialainne. Cad é a tharla le linn na hoíche agus tú ag tabhairt aire dóibh?
  • Drámaíocht: In áit an tasc thuas a scríobh, oibrigh i mbeirteanna agus cuir i gcéill go bhfuil sibh ag déanamh agallamh 1 bhomaite don nuacht ar an teilifís. Bíodh duine amháin ina thuairisceoir agus an duine eile ina gharda sa Chéinia.  
  • Matamaitic: Itheann an srónbheannach idir 36 agus 55kg de phlandaí gach lá! Tomhais meáchan rudaí éagsúla i do theach nó sa seomra ranga agus tarraing nó liostaigh cá mhéad de na rudaí a bheadh chomh trom le bia an tsrónbheannaigh.  
  • Ceardaíocht: Bain úsáid as ábhar athchúrsáilte (boscaí cairtchlár, cartáin bhainne, páipéar nuachtáin, srl.) le do mhionsamhail féin de shrónbheannach a dhéanamh. 

meas