An Galf agus Athaontú na Tíre

Dé Céadaoin, an 16ú Meán Fómhair 2026


Bhí caint ar athaontú na tíre go mór i mbéal an phobail ag deireadh na seachtaine. Ní rud ar bith nua é sin mar cheannlíne, ar ndóigh. Ach, an rud ba mhó a chuir iontas ar mhuintir na tíre seo, ná cé a chuir tús leis an chaint sin - Uachtarán Mheiriceá, Donald Trump, agus é ar chuairt ghearr chun na tíre seo!

(Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly, ag cur fáilte roimh Donald Trump in Áras an Uachtaráin. Pictiúr ó shuíomh an uachtaráin.)


Ní raibh an Trumpach in Éirinn ach ar feadh dhá lá. Tháinig sé go príomha ós rud é go raibh comórtas mór gailf (an Irish Open) ar siúl in óstán ar leis é i nDún Beag, Contae an Chláir. Tháinig na mílte cuairteoir chuig an chomórtas gailf mar go raibh a lán imreoirí clúiteacha ag glacadh páirte ann, mar shampla, Shane Lowry, Rory McIlroy agus Pádraig Harrington. 

(Óstán Donald Trump i nDún Beag, áit a raibh an Irish Open i mbliana)


Mar a tharla, bhain Shane Lowry, fear as Contae Uíbh Fhailí, an Irish Open i mbliana. D’imir Shane go han-mhaith i rith an chomórtais agus tháinig sé sa chéad áit, i bhfad chun tosaigh ar gach imreoir eile. Le fírinne, bhí Lowry 11 bhuille chun tosaigh ar an dara himreoir, scór atá ina churiarracht sa chomórtas sin. 

Shane Lowry (pic le world_pictures/Shutterstock.com)


Bhí Donald Trump ag stopadh ina óstán le linn an deireadh seachtaine le hamharc ar an chomórtas. Ag deireadh an chomórtais, bhronn sé Corn an Bhuaiteora ar Shane Lowry. Tá dúil mhór ag an Trumpach sa ghalf. 

(pic le Rawpixel.com/Shutterstock.com)


Chomh maith le bua Lowry sa ghalf, an rud is mó a raibh na nuachtáin agus na meáin ag caint air i ndiaidh dheireadh na seachtaine ná gur luaigh Trump gur mhaith leis athaontú na tíre a fheiceáil. Dúirt sé gur shíl sé gur rud maith a bheadh ann. Ní raibh duine ar bith ag súil leis teacht amach leis na ráitis sin ar a thuras gasta go hÉirinn. 


Tá daoine ag rá, áfach, gur seift chliste a bhí ann ag Donald Trump chun aird a tharraingt ar shiúl ó na hagóidí a bhí le feiceáil in éadan a chuairte chun na tíre seo. Níor mhaith leis an Trumpach go mbeadh aird ag na páipéir ná ag na meáin ar na sluaite daoine a bhí sna hagóidí. B’fhearr leis i bhfad a phictiúr féin a fheiceáil ar gach príomhleathanach sna nuachtáin. Ina theannta sin, i ndiaidh dó teacht amach leis na ráitis sin, níor cuireadh ceist ar bith deacair air faoin chogadh leis an Iaráin, ná faoin tacaíocht a thugann Meiriceá d’arm Iosrael! 

(pic le Wise Dog Studio/Shutterstock.com)


Ceisteanna  

  1. Cén t-ainm atá ar Uachtarán Mheiriceá agus cá mhéad lá a chaith sé in Éirinn?
  2. Cá raibh an comórtas mór gailf ar siúl?
  3. Cé a bhain an comórtas agus cén contae arb as dó? 
  4. Cá mhéad buille a bhí an buaiteoir chun tosaigh ar an dara himreoir? 
  5. Cad chuige, dar leis an téacs, a raibh Donald Trump ag caint ar athaontú na tíre? 


Le plé agus le déanamh

  • Agallamh: Déan agallamh i bpéirí idir iriseoir agus Shane Lowry i ndiaidh dó an Irish Open a bhaint. (Scríobh 4 nó 5 cheist agus freagraí).
  • Nuachtán: Dear príomhleathanach nuachtáin faoi na scéalta ón deireadh seachtaine. (Smaoinigh ar chúpla ceannlíne mhór, cúpla pictiúr agus achoimre ar an dá phríomhscéal - bua Lowry agus ráitis Trump). 
  • Plé Ranga: An síleann sibh gur seift chliste a bhí ann ag Trump chun aird a tharraingt ar shiúl ó cheisteanna níos deacra? Ar cheart do pholaiteoirí labhairt faoi chúrsaí polaitíochta ag ócáidí spóirt? 
  • Tíreolaíocht: Aimsigh an Dún Beag i gContae an Chláir agus aimsigh Contae Uíbh Fhailí ar léarscáil na tíre. An féidir leat eolas ar bith eile a bhailiú ar na háiteanna sin nó cur síos a dhéanamh orthu?

meas