Lá Idirnáisiúnta an Daonlathais

Dé Máirt, an 15ú Meán Fómhair 2026


An ndearna do mhúinteoir cinneadh riamh vótáil a bheith ann sa rang le cluiche a roghnú? Nó lena fháil amach cé acu leabhar a léifeadh sibh? Má rinne, ghlac tú páirt sa daonlathas. Cad é an rud é daonlathas, mar sin?

Tá cineálacha éagsúla daonlathais ann ar fud an domhain ach tá prionsabal amháin leo uilig. Is é sin go mbeidh guth ag gach duine nuair a dhéantar cinntí. An chéad dóigh ná vóta a thabhairt do gach duine. Mar sin, má thugann do mhúinteoir rogha daoibh peil nó cispheil a imirt, beidh vóta ann. Déantar gach vóta a chuntas agus cibé rogha a mbíonn tromlach aici, sin an buaiteoir. Bíonn tromlach ann nuair a bhíonn níos mó vótaí ag rogha amháin thar rogha eile.

Thig le daoine vótáil ag stáisiúin vótála

Oibríonn an vóta simplí seo go maith nuair a bhíonn líon beag daoine i gceist, rang, mar shampla, nó teaghlach. Ach má bhíonn na milliúin duine i gceist, éiríonn an dóigh seo ciotach. Tá bealach eile a oibríonn an daonlathas. Sin nuair a vótálann daoine le hionadaí a roghnú. Déanann an duine sin na cinntí ar do shon, i d’ionad.

Tá cuntas á dhéanamh ar na mílte vóta anseo

Ach cad é a tharlaíonn má dhéanann an duine seo cinntí nach n-aontaíonn tú leo? Sa daonlathas, bíonn seans agat duine nua a roghnú go rialta, nó an duine céanna a roghnú má thaitníonn an duine sin leat. Tugtar toghchán ar an roghnú seo. Sa chóras polaitíochta, toghann daoine feisirí nó teachtaí Dála le suí sa pharlaimint nó sa Dáil. Déanann na daoine seo cinntí ar ár son agus toghann siadsan an rialtas a rialaíonn an tír.

Buaileann na Teachtaí Dála le chéile i nDáil Éireann

Is coincheap iontach tábhachtach é an daonlathas agus tá lá speisialta ann leis an daonlathas a cheiliúradh – an 15ú Meán Fómhair, an lá inniu i mbliana. Tugann an daonlathas seans dúinn éisteacht lena chéile. Fiú mura n-aontaímid i gcónaí, foghlaimímid an dóigh le meas a bheith againn ar bharúlacha daoine eile.


Ceisteanna:

1. Sa sampla de dhaonlathas sa seomra ranga, cad é an dá rogha a bhí ann?

2. Cad é an chiall atá le tromlach?

3. Cad é an focal atá ar an duine a dhéanann cinntí i d’ionad?

4. Cén áit a dtéann teachtaí Dála nó feisirí?

5. Cén dáta a dhéantar Lá Idirnáisiúnta an Daonlathais a cheiliúradh?


Le plé:

An bhfuil sé tábhachtach go mbíonn guth ag gach duine? Cad chuige? Nárbh fhearr dá ndéanfadh duine amháin gach cinneadh?


Le déanamh:

Déan vóta i do rang. Is féidir é a dhéanamh ar rud tábhachtach, rialacha an ranga, mar shampla, nó ar rud nach bhfuil tábhachtach, an ceoltóir is fearr leis an rang, b’fhéidir.


Pictiúir:

Stáisiún vótála: Brendain Donnelly / Shutterstock.com

Cuntas vótaí: Simon Roughneen / Shutterstock.com

Dáil Éireann: RDK Creative / Shutterstock.com


meas