Lá Roald Dahl 2026

Dé hAoine, an 11ú Meán Fómhair 2026


Ar chuala tú riamh faoi Charlie agus Monarcha na Seacláide, Matilda nó an Fathach Mór Cairdiúil? Má chuala, tá aithne agat ar shaothar duine de na scríbhneoirí páistí is clúití ar domhan. Cé atá i gceist againn? Roald Dahl, ar ndóigh! Déantar Lá Roald Dahl a cheiliúradh ar a lá breithe, an 13ú Meán Fómhair, gach bliain – an Domhnach beag seo, mar a tharlaíonn sé! Agus is ceiliúradh speisialta a bheas ann i mbliana nó rugadh Dahl 110 bliain ó shin.

Tá an Bhreatain Bheag in aice le hÉirinn

Rugadh é sa Bhreatain Bheag sa bhliain 1916. Nuair a bhí sé ina bhuachaill óg, thaitin eachtraí, scéalta agus samhlaíocht leis. Seans gur spreag an t-am sin cuid dá chuid scéalta. Is cinnte gur spreag a chuid scéalta féin na milliúin páiste ar fud an domhain. Tá na scéalta lán de charachtair iontacha, agus bíonn greann agus mistéir iontu.

Rud amháin a thaitníonn le páistí ná go mbíonn páistí láidre agus cliste ina chuid leabhar go minic. Cad é faoi Matilda, mar shampla, cailín iontach cliste a bhfuil dúil mhór aici sna leabhair? Léiríonn scéal Matilda gur féidir le leabhair cuidiú linn rudaí a fhoghlaim agus ár samhlaíocht a fhorbairt.

Bhí samhlaíocht iontach ag Roald Dahl. Chruthaigh sé créatúir agus carachtair aisteacha. Sa leabhar ‘An Fathach Mór Cairdiúil’, labhraíonn an fathach i ndóigh ghreannmhar agus bailíonn sé aislingí le tabhairt do pháistí agus iad ina gcodladh. Léiríonn scéalta Dahl nach bhfuil teorainn ar bith leis an tsamhlaíocht.

Agus tá cuid de na scéalta ar fáil i nGaeilge; ‘Na Cailleacha’, ‘Na Gamail’, ‘Charlie agus Monarcha na Seacláide’ agus ‘Danny, Seaimpín an Domhain’. Is é Leabhar Breac a d’fhoilsigh. Thig leat na leabhair seo a léamh i nGaeilge, i mBéarla nó fiú sa dá theanga!

Ar Lá Roald Dahl, bíonn páistí ag léamh a chuid leabhar, ag gléasadh mar charachtair éagsúla agus ag glacadh páirte i ngníomhaíochtaí spraíúla. Is deis iontach an lá seo le sult a bhaint as an léitheoireacht agus le ligean dár samhlaíocht eitilt.


Ceisteanna:

1. Cén dáta a mbíonn Lá Roald Dahl ann?

2. Cén tír inar rugadh Roald Dahl?

3. Ainmnigh leabhar amháin a scríobh Roald Dahl.

4. Cad é a dhéanann an Fathach Mór Cairdiúil le haislingí?

5. Cad é a léiríonn scéalta Roald Dahl faoin tsamhlaíocht?


Le plé:

Cad é a dhéanann leabhar spéisiúil, dar leat? Mar rang, thiocfadh libh vóta a reáchtáil.


Cén leabhar de chuid Roald Dahl is mó a thaitníonn le gach duine agus cad chuige? Cad iad na leabhair is fearr leis an rang?


Le déanamh:

Ar spreag eachtra ar bith thú le scéal a scríobh? Déan cur síos ar an eachtra agus cuir tús leis an scéal. 


Pictiúir:

Matilda: Doodeez / Shutterstock.com

BFG: Ellianne / Shutterstock.com


meas