Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Gach bliain, eisíonn lucht na haimsire liosta speisialta ag tús na míosa seo. Liosta ainmneacha daoine atá ann ach baineann na hainmneacha le rud i bhfad níos láidre ná daoine. Liosta ainmneacha stoirmeacha atá ann.

Ós rud é go bhfuil Éire, an Bhreatain agus an Ísiltír cóngarach go leor dá chéile, is iad lucht aimsire na dtrí thír sin a roghnaíonn na hainmneacha don chuid seo den Domhan. Agus is minic a thugann siad deis don phobal a rogha d’ainm a chur chun cinn chomh maith. Is iad na hainmneacha a roghnaigh lucht aimsire na hÉireann ná:
• Austen
• Evelyn
• Heather
• Killian
• Laoise
• Miriam
• Phelim
Mac tíre ag ‘Éire Fhiáin’. Pic le Colm Mac Aindreasa
Tá an t-ainm ‘Evelyn’ ann do bheirt bhan a chuir an aimsir i láthair ar an teilifís thar na blianta Evelyn Murphy agus Evelyn Cusack. Roghnaíodh ‘Killian’ do Killian McLaughlin, fear as Bun Cranncha a chuir páirc ar fáil d’ainmhithe a fuair droch-am. San am i láthair tá moll mór ainmhithe sa pháirc, Éire Fhiáin, ina measc, béir, mic tíre agus lincsí.

Tá ainm iontach clúiteach ag lucht aimsire na Breataine, mar atá, ‘Shaun’. Tá Shaun ann do ‘Shaun the Sheep’, carachtar i scannán. Ag amharc ar ainmneacha lucht aimsire na hÍsiltíre, tá roinnt ainmneacha nach mbeimid cleachta leo. ‘Vesna’, mar shampla, agus ‘Boelo’.
Thig le gaoth mhór damáiste mór a dhéanamh
Cé go mbíonn spraoi againn gach bliain leis an liosta nua ainmneacha, tá cúis iontach dáiríre leis, chomh maith. Deir lucht na haimsire go bhfuil ‘stoirm’ ann má tá baol ann go ndéanfar méid áirithe damáiste. De ghnáth, bíonn gaoth mhór ag stoirmeacha agus is féidir leis an ghaoth a lán damáiste a dhéanamh. Bíonn stoirmeacha eile ann ina ndéanann an fhearthainn, nó fiú sneachta, damáiste mór.

Tugann lucht na haimsire ainm ar na stoirmeacha seo le go dtabharfaidh muid níos mó airde orthu. In amanna, moltar do dhaoine gan bheith ag tiomáint, nó gan dul amach ag siúl. Corruair, iarrtar ar dhaoine imeacht óna dteach má bhíonn baol tuile ann. Cuidíonn na hainmneacha seo linn nó tugann siad cineál de charachtar don stoirm agus is fusa dúinn éisteacht leis an chomhairle ó lucht na haimsire.
Tuile
Níor tugadh ainm d’aon stoirm go fóill ach nuair a chluineann tú faoi Stoirm Austen, is fiú éisteacht leis an chomhairle ón lucht aimsire!

Ceisteanna:
1. Cad iad na trí thír a roghnaíonn na hainmneacha stoirme don chuid seo den Domhan?
2. Ainmnigh beirt bhan ar a bhfuil an t-ainm ‘Evelyn’ atá luaite sa téacs.
3. Cad chuige ar roghnaíodh an t-ainm 'Killian' ar an liosta i mbliana? Cad iad na hainmhithe atá le fáil ina pháirc?
4. Tabhair sampla amháin d'ainm a roghnaigh lucht aimsire na hÍsiltíre.
5. Cén chomhairle a thugtar do dhaoine in amanna nuair a bhíonn stoirm ann?
Gníomhaíochtaí:
Plé ranga
Dá mbeifeá ag roghnú ainm don chéad stoirm eile, cén t-ainm a roghnófá agus cad chuige? (Smaoinigh ar dhuine cáiliúil, ar charachtar, nó ar dhuine i do shaol féin).
Scríobh mír ghairid (30-50 focal) ag cur síos ar lá stoirmiúil a chonaic tú nó ar chuala tú fúithi sa nuacht. Bain úsáid as focail mar ‘gaoth mhór’, ‘fearthainn’, nó ‘damáiste’.