Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?
Ar smaoinigh tú riamh ar an saol mar a bhíodh sé breis agus 150 bliain ó shin? Cad é mar a bheadh sé a bheith beo sa 19ú haois? Bhuel, le cuidiú libh blaiseadh a fháil ar an seansaol, thug muid cuairt ar Dhaonpháirc Uladh-Mheiriceá, ar an Ómaigh i gContae Thír Eoghain, áit ar féidir bualadh isteach i dtithe agus i siopaí mar a bhíodh siad i bhfad ó shin.

I dtús báire, caithfidh tú a thuiscint go raibh an chuid is mó de mhuintir na hÉireann sa 19ú haois beo ar an ghannchuid. Mhair siad i mbotháin. Teach beag is ea bothán a bhí déanta as ábhair nádúrtha (cosúil le clocha, adhmad, cré agus tuí) a bhí ar fáil go furasta sa cheantar máguaird. Teach ceann tuí a tugadh ar an stíl seo tí mar gur úsáideadh tuí leis an díon a chlúdach.

(Teach ceann tuí)
Cad é an chuma a bhí ar an teach taobh istigh? Bhuel, is minic nach raibh ach an t-aon seomra amháin ann! Ach, go fóill beag, bhí daoine bródúil as a mbaile beag féin agus rinne siad gach iarracht an áit a choinneáil glan.

(Ag glanadh an tí - an bhfaca tú scuab mar seo riamh roimhe?)
Ní raibh mórán troscáin, sna botháin fadó. Sa lá atá inniu ann, is féidir suí ar an urlár sa teach mar go mbíonn brat urláir deas compordach air, nó teas thíos faoin urlár, go fiú. Ach, thiar sa lá, bhíodh an t-urlár déanta de chlocha agus clúdaithe le cré, rud a d’fhág go mbíodh sé i gcónaí fuar. Mar sin, ba ghnách le páistí suí ar stólta beaga bídeacha.

(stólta ísle, ciseán, prátaí agus cúpla cupán déanta as adhmad)
Shuigh gach duine thart ar an tine nuair a bhí an aimsir fuar. Bhailigh siad móin ón phortach agus thriomaigh siad í lena dó sa tine. Thugadh sin teas dóibh, ach bhíodh boladh láidir ón tine mhóna ar fud an tí, ina gcuid éadaí agus taobh amuigh den teach fosta.

(Tine mhóna)
Gearradh an mhóin ón talamh san earrach agus fágadh amuigh faoin aer í lena triomú sa samhradh.

Ansin, bhailigh na daoine í lena stóráil sa scioból don gheimhreadh.

(carn móna, adhmaid agus cipíní á stóráil i scioból)
Ní raibh mórán de réimse bia ar fáil ag an am sin ach oiread. Le fírinne, bhí na daoine bochta sa tír seo beo ar na prátaí sa 19ú haois. Bhíodh na prátaí mar bhéile acu cúpla uair sa lá, de ghnáth. D’ith siad prátaí brúite le rud beag ime, nó bláthach. Ó am go chéile, fuair siad rud beag feola nó b’fhéidir iasc agus (má bhí cearca acu) bhíodh uibheacha acu fosta. San fhómhar, bhailigh siad sméara agus cnónna.

(prátaí á bhfás sa pháirc)
Ba mhaith le Nuacht Anois ár mbuíochas a ghabháil le Tom Sherriff, Oifigeach Oideachais i nDaonpháirc Uladh-Mheiriceá, ar an Ómaigh, áit ar glacadh na pictiúir ar fad atá san alt seo.
Grianghraif le Colm Mac Aindreasa
Ceisteanna
Le plé nó le déanamh
Déan obair bheirte le do chara. Samhlaigh go bhfuil tú ag cur agallaimh ar pháiste a bhí ina chónaí i mbothán 150 bliain ó shin. Cad iad na 5 cheist a chuirfeá air/uirthi faoina lá sa bhaile?
Cruthaigh tábla ina bhfuil dhá cholún. Scríobh Fadó ag barr colún amháin, agus Inniu ag barr an cholúin eile. Líon isteach na colúin le difríochtaí maidir leis na rudaí seo: