Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Ar thug tú cuairt ar Fhleadh Cheoil na hÉireann i mBéal Feirste le linn an tsamhraidh? Tháinig amuigh is istigh ar 1.6 milliún cuairteoir chuig an fhleadh i rith na chéad seachtaine de mhí Lúnasa. Ní nach ionadh go raibh sráideanna na cathrach plódaithe i rith na féile sin!

Mura raibh deis agat féin teacht go Béal Feirste, gach seans go bhfaca tú rud éigin faoin fhleadh ar an teilifís. (Bhí go leor clár faoin cheol agus faoi na ceoltóirí ag an fhleadh le feiceáil ar an teilifís, chomh maith le físeáin eile a bhí le sonrú ar na meáin shóisialta.)
Rud amháin a bhí ina díol spéise le linn na fleidhe ná an méid daoine óga a bhí ag buscáil ar shráideanna Bhéal Feirste. Bhí cuid den mhuintir óga ag seinm ar uirlisí ceoil, bhí cuid eile ag damhsa agus bhí cuid eile arís ag canadh.
Beidh Fleadh Cheoil na hÉireann ag teacht ar ais go Béal Feirste an samhradh seo chugainn. Má tá suim agat i gcúrsaí ceoil, b’fhéidir gur mhaith leat féin páirt a ghlacadh ann? Ná bí buartha mura bhfuil ceol uirlise ná damhsa Gaelach agat, is féidir i gcónaí amhrán a rá.


Agus tá suíomh idirlín nua ann más suim leat bheith ag cleachtadh ar amhráin Ghaeilge - ABAIR AMHRÁN. Tá moll mór amhrán ar an suíomh seo. Is féidir éisteacht leis na hamhráin agus amharc ar na focail ag an am céanna. Seo ceann beag deas simplí le triail a bhaint as, ar dtús: Báidín Fheidhlimidh. Abair leat!

Ceisteanna
Le plé nó le déanamh