Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?
Tá féile mhór ag titim amach i mBaile Átha Cliath inniu, Féile na mBláthanna. Ar chuala tú iomrá ar bith uirthi? “Bloom” is teideal don fhéile seo i mBéarla.

Tá “Bloom” ar an fhéile is mó agus is clúití sa tír a dhéanann ceiliúradh ar an gharraíodóireacht, ar an bhia agus ar an inbhuanaitheacht. An rud atá i gceist leis an “inbhuanaitheacht” ná maireachtáil ar bhealach nach ndéanann dochar don phláinéad agus a chuidíonn leis an phláinéad a chaomhnú do na glúnta a thiocfaidh inár ndiaidh.

Thosaigh an fhéile Déardaoin seo caite agus tiocfaidh sí chun críche inniu. Má bhí tú faoi Bhaile Átha Cliath, b’fhéidir gur thug tú cuairt ar an fhéile ag deireadh na seachtaine?

Ní hamháin gur féidir leat amharc ar bhláthanna deasa le linn na féile seo, ach is féidir síolta a chur agus potaí beaga a thabhairt chun an bhaile leat, bianna blasta difriúla a bhlaiseadh, spraoi sráide a fheiceáil, ceol a chloisteáil agus páirt a ghlacadh in imeachtaí eile, cosúil le ciseáin a dhéanamh.

Is é seo an 20ú bliain den fhéile dhathúil spraíúil seo. Tarlaíonn sé i bPáirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath gach bliain, agus tagann breis agus 100,000 cuairteoir chuici. An raibh tú féin ar dhuine acu?

(Cuairteoirí i bPáirc an Fhionnuisce, Baile Atha Cliath. Pic le Mick Harper trí Shutterstock.com)
Is í Páirc an Fhionnuisce an pháirc is mó atá suite i bpríomhchathair ar bith san Eoraip. Tá sí ollmhór - tá 709 heicteár (nó 1750 acra) ann!

Ó bhí an 17ú haois ann, tá tréad fianna buí ina gcónaí sa pháirc.

Tá Zú Bhaile Átha Cliath lonnaithe sa pháirc fosta.

Chomh maith leis sin, tá an teach ina gcónaíonn an tUachtarán (Áras an Uachtaráin) suite i bPáirc an Fhionnuisce.

Ceisteanna
Le plé nó le déanamh