Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?
An raibh tú ag mairgneach faoin drochaimsir ar na mallaibh? Is dócha go raibh go leor againn dubh dóite nár lean an dea-aimsir a bhí againn ag deireadh mhí Aibreáin agus tús na míosa seo. Thosaigh muid ag smaoineamh go raibh samhradh breá ar na gaobhair againn.
(ag mairgneach faoin drochaimsir)
Seans go raibh cuid daoine ag smaoineamh gur comhartha eile é filleadh an fhuachta agus na fearthainne den ‘téamh domhanda’ - rud atá ag déanamh ciolar chiot de na séasúir ar fud an domhain, na laethanta seo.

Ach, fan! Níl sé chomh neamhchoitianta sin go mbíonn coicís an-fhuar arís ann roimh dheireadh mhí na Bealtaine sa tír seo. Leoga, bhí nath cainte ag ár sinsir a chuir síos ar an tréimhse seo. “Scairbhín na gCuach” a thug siad air. Tagann an focal “scairbhín” as “garbh-shíon”, nó drochaimsir stoirmiúil. Agus is cineál éin é an chuach a bhíonn le cloisteáil i mí Bhealtaine.

Mar sin de, is maith a thuig ár sinsir gur féidir an aimsir bheith ag athrú cuid mhór ag an am seo bliana. Bhíodh siad ag dúil le tréimhse ghairid den aimsir stoirmiúil fhuar teacht ar ais i mí Bhealtaine, mar a bheadh an geimhreadh ann arís ar feadh tamaillín.

Ach ná caill misneach! Tá an samhradh ar a bhealach go fóill. De réir cosúlachta, beidh aimsir thar a bheith te againn ar an tseachtain seo chugainn!

Ceisteanna
Le plé agus le déanamh
1. Taighde ar Nathanna Aimsire:
An bhfuil nathanna cainte nó seanfhocail eile i nGaeilge ar eolas agat a bhaineann leis an aimsir? (Is féidir cuardach a dhéanamh ar an suíomh seo tríd an focal “aimsir” a chur isteach sa bharra cuardaigh ag barr an leathanaigh.)
2. Taighde ar an Chuach:
Déan taighde ar an chuach tríd an t-alt seo a léamh.
Scríobh tuairisc ghairid faoin Chuach i do leabhar.
3. Eolas a bhailiú ó ghlúnta níos sine:
(Is féidir seo a dhéanamh mar thionscadal ranga.)
Cuir ceist ar sheantuismitheoirí nó ar sheandaoine eile atá ar aithne agaibh faoin aimsir. An bhfuil nathanna cainte ar bith eile ar eolas acu (i nGaeilge nó i mBéarla) a bhaineann leis an aimsir agus na séasúir. Déan na frásaí sin a bhailiú. Scríobh síos iad, chomh maith le míniú orthu, agus maisigh iad le pictiúir.