Naomh Gobnait

An 20ú Bealtaine, 2026


Inniu Lá Domhanda na mBeach. Mar sin, ba mhaith liom a insint daoibh faoi bhean speisialta in Éirinn fadó, a raibh grá mór aici do na beacha. Gobnait an t-ainm a bhí uirthi, agus mhair sí thart ar an séú haois.


De réir na seanscéalta, theith Gobnait óna hathair (foghlaí mara a bhí ann). D’éalaigh sí go hInis Oírr, oileán atá suite amach ó chósta na Gaillimhe. Bhí aisling aici ansin inar dhúirt Dia léi dul a lorg áite ina mbeadh naoi bhfia bhána le feiceáil.


Thaistil sí timpeall na hÉireann, tríd Chontae an Chláir, Contae Luimnigh, Contae Phort Láirge agus Contae Chiarraí. Sa deireadh thiar thall, tháinig sí go Múscraí i gContae Chorcaí. Is ansin a chonaic sí na naoi bhfia bhána agus shocraigh sí síos sa cheantar sin.

(dealbh in ómós do Naomh Gobnait i mBaile Bhuirne, Contae Chorcaí - pic trí Wikimedia Commons)


Ba bheachaire í Gobnait. Bhí na beacha iontach tábhachtach sa seanam. Is féidir mil a úsáid mar leigheas agus bhí meas mór ar dhuine ar bith a bhí ábalta an mhil a fháil ó na beacha. Bhí clú ar Ghobnait mar bhean chineálta, a chuidigh le daoine a bhí tinn nó gortaithe.


Uair amháin, tháinig plá go dtí an tír. Chosain Gobnait muintir Mhúscraí ar an phlá. Chuaigh sí thart ar an cheantar agus tharraing sí líne bhán sa talamh lena maide siúil. Níor tháinig an phlá ar dhuine ar bith taobh istigh den líne bhán.


Uair eile, tháinig ionróirí chun ionsaí a dhéanamh ar an áit, ach d’iarr Gobnait ar a cuid beach iad a chosaint. Rinne na beacha ionsaí ar na drochdhaoine agus chuir siad an ruaig orthu.


Maireann na scéalta faoi Gobnait go dtí an lá inniu agus tugtar Naomh Gobnait uirthi anois leis na céadta bliain. Is í Gobnait naomhphátrún na mbeach agus na mbeachairí. Thug sí aire mhór do na beacha le linn a saoil, rud ba cheart dúinn a dhéanamh inniu fosta.


Ceisteanna

  1. Cén t-ainm a bhí ar an bhean speisialta sa scéal?
  2. Cén sórt duine a bhí ina hathair?
  3. Cad chuige ar theith Gobnait óna hathair, do bharúil?
  4. Cá ndeachaigh Gobnait ar dtús i ndiaidh di teitheadh?
  5. Cén comhartha a bhí á lorg aici chun an áit cheart a aimsiú?
  6. Cén contae in Éirinn ar shocraigh Gobnait síos ann sa deireadh thiar thall?
  7. Cad is brí leis an fhocal 'beachaire'?
  8. Cad é mar a chuidigh an mhil le daoine sa seanam?
  9. Cén dá chontúirt ar chosain Gobnait pobal Mhúscraí orthu?
  10. Cén dóigh ar chosain na beacha an pobal ó na hionróirí?


Le plé agus le déanamh

  • Eolas breise: Is feidir níos mó a léamh faoi shaol Naomh Gobnait san fhillteán fíricí seo.
  • Obair ar Léarscáil: Amharc ar léarscáil na hÉireann agus aimsigh na contaetha ar thaistil Gobnait tríothu (An Clár, Luimneach, Port Láirge, Ciarraí) go dtí gur shroich sí Múscraí i gCorcaigh.
  • Foclóir: Cruthaigh liosta de na focail nua (m. sh., foghlaí mara, aisling, plá, ionróirí) agus scríobh míniú simplí dóibh i do leabhar nótaí. Is féidir pictiúr a tharraingt mar chuid den mhíniú fosta.
  • Ealaín: Tarraing pictiúr mór de na beacha ag cuidiú le Naomh Gobnait in éadan na n-ionróirí.
  • Taighde: Déan taighde gairid (le cuidiú ó dhuine fásta) ar an tábhacht atá le beacha inniu. Scríobh síos dhá nó trí rud is féidir leatsa a dhéanamh chun cuidiú le beacha a chosaint. (Leid: cuir an focal ‘beacha’ isteach sa bharra cuardaigh ar an leathanach seo le níos mó eolais a aimsiú ar an topaic.)
  • Dráma Beag: Roinn an rang i ngrúpaí agus cruthaigh drámaí beaga a léiríonn píosaí difriúla de scéal Naomh Gobnait.


meas