Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?
Siopadóir ag cuidiú
I d’intinn, déan liosta de na daoine a chuidíonn linn. Beidh do theaghlach ar an liosta sin, ar ndóigh, agus b’fhéidir dochtúirí agus altraí. Má bhíonn tú ag siopadóireacht, cuideoidh siopadóir leat. Má bhíonn tú i mbaol, cuireann tú fios ar an bhriogáid dóiteáin nó ar an otharcharr. Ach ar smaoinigh tú ar na daoine a chuidíonn leat gach lá agus tú ar scoil – na múinteoirí agus na cúntóirí ranga?

Caitheann tú níos mó ná leathchuid den bhliain ar scoil agus is cinnte go mbeidh tionchar mór ag na múinteoirí agus na cúntóirí ranga ort, gan dearmad a dhéanamh ar gach duine eile ar scoil, na glantóirí, an t-airíoch, agus an rúnaí, mar shampla. Agus tá seachtain idirnáisiúnta ann le buíochas a ghabháil le múinteoirí agus cúntóirí ranga: Seachtain Buíochais do na Múinteoirí, an tseachtain seo.

Tagann an tseachtain ag am maith agus muid ag teacht chuig deireadh na scoilbhliana. Tugann sé seans dúinn smaoineamh ar an dóigh a gcuidíonn múinteoirí agus cúntóirí ranga linn. Spreagann siad muid le bheith ag foghlaim agus má bhíonn fadhbanna againn, cuireann siad comhairle orainn. Tuigeann siad an méid is féidir linn a dhéanamh agus tugann siad dúshláin dúinn le go ndéanfaidh muid ár ndícheall.

Is mór líon na scileanna a thugann siad dúinn. An scil is mó, is dócha, ná bheith fiosrach faoi rudaí nua agus ceisteanna mar: Cad chuige?, Cé?, Cén dóigh? agus Cad é? a chur. Nuair a chuireann tú na ceisteanna sin, níor mhaith leat duine a rá leat gur ceist amaideach atá ann. Mar sin, cuireann múinteoirí agus cúntóirí ranga atmaisféar cuidiúil ar fáil sa seomra ranga a thugann féinmhuinín dúinn ceisteanna a chur agus foghlaim ag ár ráta féin.

Tugann an tseachtain seo deis speisialta do pháistí a bheas ag imeacht ón scoil a mbuíochas a ghabháil le gach duine a chuidigh leo nuair a bhí siad ar scoil. Níl le déanamh anois ach smaoineamh ar dhóigh dheas le ‘Go raibh maith agat’ a rá!

Ceisteanna:
1. Dar leis an alt, cé hiad na daoine a chuidíonn linn ar scoil?
2. Cá huair a tharlaíonn an tseachtain buíochais seo?
3. Cad é a dhéanann múinteoirí agus cúntóirí ranga nuair a bhíonn fadhbanna againn?
4. Cad é an scil is mó a fhoghlaimímid ar scoil, dar leis an alt?
5. Cad é an rud a chuireann múinteoirí agus cúntóirí ranga ar fáil a thugann féinmhuinín dúinn?
Le déanamh:
Luaigh cás amháin inar chuidigh múinteoir nó cúntóir ranga leat? Cén dóigh
Scríobh litir ghairid chuig múinteoir ranga nó cúntóir ranga ag gabháil buíochais leo. Luaigh:
• Cad é a rinne siad
• Cad é mar a chuidigh siad leat?
• Cad chuige a bhfuil tú buíoch díobh?
Déan liosta de dhóigheanna ar féidir leat buíochas a ghabháil (mar shampla, amhrán a chumadh, cárta a dhéanamh, físeán a dhéanamh).
Le plé:
An sileann tú go bhfuil obair na múinteoirí agus na gcúntóirí ranga tábhachtach? Mínigh.
Tá Lá na hEorpa ann ar an 9ú Bealtaine – seo mar a deir tú GRMA i roinnt teangacha Eorpacha: