Bíonn adharca fada ar na ba thar lear!

Déardaoin, an 30ú Aibreán 2026


Baineann seanfhocal an lae inniu leis an nós a bhíonn againn uilig, mar dhaoine, gan bheith sásta leis an mhéid atá againn féin agus a bheith in éad le daoine eile. Bíonn sé de nós againn smaoineamh go bhfuil na rudaí atá acu, nó go fiú an saol atá acu, níos fearr ar bhealach éigin ná mar atá againn féin.

Má bhíonn tú in éad le duine, santaíonn tusa rud éigin atá ag an duine sin


Sa seanam in Éirinn, bhí na ba iontach tábhachtach. Mar a chonaic muid le seanfhocal eile, má bhí a lán ba agat – bhí tú saibhir!

Samhlaigh tú a bheith i do shuí sa teach, ag amharc amach ar an fhuinneog ar na ba s’agat. Tá cuma normálta go leor orthu. Ach ansin, cluineann tú scéal ó dhuine a bhí thar lear, i dtír eile. Deir sé go bhfuil na ba sa tír sin ollmhór agus go bhfuil adharca móra fada orthu. 

Tá adharca fada ar an tarbh seo


Má tá siad ollmhór,’ a shamhlaíonn tú leat féin, ‘bheadh cuid mhór feola orthu – gheobhainn pingin mhaith orthu ag an mhargadh!

Anois, níl tú iomlán sásta le do chuid bó féin agus tá tú in éad le cibé feirmeoir ar leis nó léi na ba seo thar lear!

Rud nach bhfuil a fhios agat, b’fhéidir, ná go mbíonn na ba láidre móra sin iontach crosta trodach agus nach éasca don fheirmeoir iad a láimhseáil. B’fhéidir go bhfuil eagla a chraicinn ar an fheirmeoir roimh na hadharca fada géara s’acu agus gur bhreá leis tréad de bha deasa ceansa mar atá agatsa! Mar sin, cé go raibh cuma níos fearr ar na ba eile seo i d’intinn, bhí a gcuid fadhbanna féin ag baint leo, le fírinne. 

Tá na ba iontach contúirteach – go háirithe má bhíonn siad crosta!


  Tréad bó


Tá seanfhocal eile againn atá iontach cosúil leis an cheann seo – Is glas iad na cnoic i bhfad uainn. Bíonn cuma ghlas ar na cnoic agus muid i bhfad uathu, ach dá mbeifeá i do sheasamh in aice leo, d’fheicfeá go bhfuil siad lán chomh creagach céanna is atá na cnoic i do cheantar féin! Mar sin – ba cheart duit a bheith sásta le do chuid cnoc féin ar an chéad dul síos!

In amanna, ní mar a shíltear a bhítear…


Tá an teachtaireacht chéanna ar fáil i seanfhocail i gcuid mhaith tíortha ar domhan…

🇪🇸 Sa Spáinnis, deirtear ‘beireann cearc mo chomharsan níos mó uibheacha ná mo chearcsa.’ 


🇨🇳 Sa tSín, deir siad ‘tá boladh deas ar rís mo chomharsan.’ 


🇮🇳 Agus tá an teachtaireacht iontach soiléir sa seanfhocal seo ón India…

Tá fuaim dheas leis na drumaí agus iad i bhfad uainn.’


An rud atá ann, dá mbeadh na drumaí céanna róchóngarach dúinn, b’fhéidir go ngortódh siad do chluasa!


💬 Ceisteanna Tuisceana

1. Cén nós atá againn uilig, dar leis an alt seo?

2. Cén fáth a raibh na ba tábhachtach sa seanam in Éirinn?

3. Cad é an rud a shamhlaigh feirmeoir na hÉireann san alt, dar leat, faoin fheirmeoir thar lear?

4. Cad é a bhí glas sa seanfhocal Gaelach eile atá luaite san alt?

5. Cén tír arb as don seanfhocal faoi na drumaí?


🤔 Ceisteanna Plé

🐮 Mínigh an seanfhocal seo i do chuid focal féin.

🐮 Cén fáth, i do bharúil, ar luadh an rís sa seanfhocal ón tSín?

🐮 Smaoinigh ar sheanfhocal na Spáinne – beireann cearc na comharsan níos mó uibheacha. Nach gciallaíonn sé sin go bhfuil cearc níos fearr ag an chomharsa? Mínigh do fhreagra.

🐮 An dtig leat smaoineamh ar chásanna fíorshaoil ina dtiocfadh leatsa an seanfhocal seo a úsáid, nó ina dtiocfadh le duine éigin eile an seanfhocal a úsáid leatsa? Mar shampla…

Samhlaigh daoine ar scoil a bheith ag úsáid aip nua ar líne nó suíomh idirlín nua, agus gur mhaith leatsa é a úsáid fosta, ach nach ligfeadh do mhamaí nó do dhaidí duit. Déarfadh do thuismitheoirí leat ‘Bíonn adharca fada ar na ba thar lear’ – nó seans go bhfuil a fhios acu go dtarlaíonn a lán bulaíochta ar an suíomh céanna agus nach mbíonn daoine a úsáideann é sásta.



meas