An madadh ispíneach

Dé Máírt, an 21ú Aibreán 2026


Cú faoil
Tá a lán cineálacha madaí ann. Madaí móra cosúil leis an chú faoil, atá chomh hard le capall beag agus an madadh is lú, an sí-abhabha, a dtiocfadh leat é a chur i do lámh! Cuidíonn cuid acu linn, cosúil leis an chóilí, agus ní féidir teacht ar mhadadh atá chomh galánta leis an phúdal. Ach tá madadh faoi leith ann a bhfuil gean an phobail air, mar atá, an madadh ispíneach.

Sí-abhabha

Tá ainm oifigiúil ar an mhadadh ispíneach, an Dachshund nó an ‘broc-chú’. Agus baineann an t-ainm sin leis an chruth atá ar an mhadadh ispíneach nó úsáideadh iad le broic a sheilg sa Ghearmáin. Bhí an corp fada tanaí ábalta dul isteach sa bhrocais, an poll faoin talamh in gcónaíonn an broc. Chuidigh na lapaí láidre leis tochailt síos sa pholl.

Broc i mbrocais

Bíonn an madadh ispíneach gan eagla ach, ag an am céanna, thig leis bheith ceanndána, chomh maith. Deirtear go mbíonn sé doiligh iad a thraenáil. Má bhíonn madadh ispíneach agat, beidh ort bheith cúramach leis nó bíonn fadhbanna acu leis an droim. Cionn is go bhfuil droim fada aige, is féidir leis dochar a dhéanamh dó go furasta. Ná lig dó léim den chathaoir, más féidir leat!

Bíonn an madadh ispíneach le feiceáil go minic ar an scáileán, i scannáin agus ar an teilifís. Is rud faiseanta é madadh ispíneach a bheith ag daoine clúiteacha. Agus tagann ainm an bhia, ‘madadh te’ (nó ‘brocaire te’) ón mhadadh ispíneach chomh maith. Nuair a chuaigh daoine ón Ghearmáin go dtí Meiriceá, thug na Meiriceánaigh faoi deara go raibh an ‘frankfurter’ a bhí acu iontach cosúil leis an Dachshund a bhí acu chomh maith. Bhí an focal ‘Dachshund’ ró-dheacair le rá ag na Meiriceánaigh agus thug siad ‘hot dog’ air.


Ceisteanna:

1. Cad chuige a dtugtar ‘madadh ispíneach’ ar an Dachshund, dar leat?

2. Cad é an chiall atá leis an ainm ‘broc-chú’?

3. Cad é an t-ainm atá ar an pholl ina gcónaíonn an broc?

4. Luaigh 2 thréith phearsantachta atá ag an mhadadh ispíneach.

5. Cén fhadhb sláinte a bhíonn ag an mhadadh ispíneach go minic?


Le déanamh:

An bhfuil madadh agat féin nó ag do theaghlach? Cén sórt madaidh é? Cén cineál pearsantachta atá aige? Déan liosta de na tréithe is fearr leatsa i madadh.


Aimsigh eolas faoi chineál eile madaidh:

    • Cén tír as a dtagann sé? 

    • Cén obair a dhéanann sé? 

    • Cén chuma atá air. (An gcuidíonn an chuma atá air leis an chineál oibre a dhéanann sé?)


Le plé:

Cad iad na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le madadh beag i gcomparáid le madadh mór?






meas