Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Is lá sona é an 13ú Aibreán má tá spéis agat i gcluichí focal. Rugadh Alfred Butts ar an lá seo sa bhliain 1899 agus ba é Alfred a chum an cluiche ‘Scrabble’. Agus gach bliain, ar an 13ú Aibreán, bíonn ceiliúradh speisialta ar Alfred agus a chluiche cáiliúil.
Bíonn litir ar gach tíl
Is cluiche boird é Scrabble a imríonn idir 2 agus 4 imreoir. Imrítear é ar eangach de chearnóga. Faigheann gach duine 7 dtíl le litir ar gach ceann acu agus pointí difriúla do litreacha difriúla. Is é aidhm an chluiche focal a dhéanamh leis na litreacha seo ar an eangach, agus é ceangailte le litreacha eile atá ann cheana féin.
Imrítear Scrabble ar eangach de bhoscaí mar atá le feiceáil seo thuas
An scór a fhaigheann tú, braitheann sé ar na pointí uilig atá ar na tíleanna agus déantar iad a shuimiú. In amanna, is féidir leat níos mó ná focal amháin a dhéanamh agus faigheann tú na pointí uilig. Ar chuid de na cearnóga, thig leat scóir bhreise a fháil má thig leat iad a úsáid le d’fhocal.
Alfred Butts
Chum Alfred Butts an chéad chluiche sa bhliain 1938 agus thug sé ‘Lexiko’ air ag an am. Cluiche Béarla a bhí ann ar dtús. Ar an drochuair, ní raibh suim ag a lán daoine ann go dtí gur tháinig James Brunot. Cheannaigh seisean na cearta ó Butts agus, sa bhliain 1948, sheol sé ‘Scrabble’. Ó shin i leith, bhí díol mór ar Scrabble agus tá leaganacha ann i dteangacha eile, an Ghaeilge san áireamh. Is é Glór na nGael a dhéanann an leagan Gaeilge.

Sa leagan Gaeilge, tá rogha dhifriúil litreacha ann ná mar atá sa leagan Béarla. Mar shampla, ní minic a fheiceann tú ‘x’, ‘y’ nó ‘z’ sa Ghaeilge ach tá gá leis na sínte fada, rud nach bhfuil sa Bhéarla. Is cluiche spraíúil é Scrabble ach ag an am céanna is cluiche é atá oideachasúil nó cuidíonn sé leat do stór focal a mhéadú, is cuma más é an leagan Gaeilge nó an leagan Béarla a imríonn tú.

Ceisteanna:
1. Cén dáta a cheiliúrann daoine Lá Scrabble?
2. Cén bhliain ar rugadh Alfred Butts, an fear a chum Scrabble?
3. Cad é an líon is mó imreoirí is féidir bheith i gcluiche Scrabble?
4. Cá mhéad tíl a fhaigheann gach imreoir?
5. Cad é an chéad ainm a bhí ar Scrabble?
Gníomhaíochtaí:
An maith leat cluichí focal? Cad chuige? Cad iad na cluichí focal eile a bhfuil dúil agat iontu?
An bhfuil smaoineamh agat faoi chluiche boird nua? Scríobh amach aidhm an chluiche agus na rialacha. Cad é an t-ainm a thabharfaidh tú ar an chluiche nua seo?
Roghnaigh ceann amháin de na focail seo ón téacs agus scríobh abairt nua leis. (‘Tíl’, ‘eangach’ nó ‘cearnóg’)
Pictiúir:
Bosca agus bord Scrabble: KerrysWorld / Shutterstock.com