An maith libh rudaí a dhéanamh san ealaín? Inniu, táimid ag dul a thaispeáint daoibh bealach furasta le créatúr ón fharraige a chruthú.
Seo é:
An Dóigh le Smugairle Róin a dhéanamh
De dhíth:
siosúr
páipéar nó cárta daite
marcóir
bata glae
Treoracha:
I dtús báire, gearr leathchiorcal mór amach as an chárta dhaite. Is é seo corp an smugairle róin.
Anois, gearr amach 4 phíosa thanaí (i gcruth dronuilleoige) den chárta. Is iad seo cosa an smugairle róin.
Ina dhiaidh sin, úsáid an bata glae leis na cosa a ghreamú den chorp.
Ar deireadh, tiontaigh an smugairle róin bunoscionn agus úsáid marcóir le béal agus súile a tharraingt air.
Seo físeán beag le cuidiú libh leis an tasc:-
Is féidir níos mó smugairlí róin a dhéanamh, ag baint úsáid as páipéar nó cárta de dhathanna difriúla.
I mBéarla cuirtear “jellyfish” ar an Smugairle Róin, mar gur shíl daoine fadó go raibh an créatúr seo cosúil le glóthach.
Ach, an dtuigeann tú an chiall atá lena ainm i nGaeilge?
Is ionann “smugairle” agus an leacht tiubh sleamhain a thagann amach as do bhéal nó an stuif glas a thagann amach as do shrón, go háirithe nuair a bhíonn tú tinn.
Mar sin, fadó fadó in Éirinn, shíl daoine go raibh an créatúr seo cosúil le rud éigin a chaith rón amach as a bhéal nó a shrón! 😝
Ba mhaith le NA buíochas a ghabháil le Caitlín as a cuidiú leis an fhíseán agus an smaoineamh simplí ealaíne.
Ceisteanna
Cén t-ainm atá ar an chréatúr farraige san alt seo?
Cá mhéad cos atá ar an smugairle róin san fhíseán?
Cén chruth atá ar chorp an smugairle róin sna treoracha seo?
Cad is brí leis na focail san ainm “smugairle róin”?
Cén dóigh a bhfuil smugairle róin cosúil le glóthach?
Le plé nó le déanamh
A mhúinteoirí, iarraigí ar na daltaí na treoracha a athinsint in ord, nó, clóbhuailigí agus tugaigí amach iad agus iarraigí ar na daltaí iad a chur san ord ceart.
An féidir leis na daltaí smaoineamh ar dhóigh le hainmhí eile ón fharraige a chruthú? Bígí ag obair i ngrúpaí le smaoineamh ar ainmhí / ainmhithe eile. Ansin, scríobhaigí síos na treoracha do dhaoine eile. (Thiocfadh libh bord taispeántais a mhaisiú ar théama na farraige in bhur seomra ranga.)
Thiocfadh físeán beag a thaifeadadh (nó grianghraif a ghlacadh) de dhalta / grúpa daltaí a léiríonn an dóigh a ndéanann siad ainmhí eile. Scríobh amach na treoracha chomh maith agus cuir isteach chugainn é. Ní fios… b’fhéidir go mbainfeadh sibh Comórtas an Tuairisceora Scoile. 🤔
Gar beag…
Ba mhaith linn fianán (🍪) de chuid Google Analytics a chur ar do bhrabhsálaí…ACH…
🙌 NÍ CHUIRFIDH muid aon eolas margaíochta ná pearsanta mar gheall ortsa chuig Google.
🙌 NÍ BHAILEOIDH muid aon eolas a ligfeadh dúinne nó do Google tusa a shainaithint nó a rianú.
Úsáidfidh muid na fianáin chun críche anailísíochta amháin 📊🔍, le súil a choinneáil ar líon na n-úsáideoirí a bhíonn againn
agus ar an áit a bhfuil siad ar domhan 🌍🗺️.