An raibh a fhios agat go bhfuil an domhan digiteach ag athrú go gasta? Ar an 10ú Feabhra, beimid ag ceiliúradh Lá Sábháilteacht Idirlín 2026. Is é téama na bliana seo ná: "Teicneolaíocht Chliste, Roghanna Sábháilte: An Intleacht Shaorga a úsáid go stuama".
Tá an Intleacht Shaorga (IS) thart orainn i ngach áit sa lá inniu - ó na huaireadóirí cliste a insíonn dúinn faoin mhéid aclaíochta ba chóir dúinn a dhéanamh, go cláir ríomhaire a chuidíonn linn cleachtadh a dhéanamh ar obair scoile, go dtí na cluichí físeáin is nua-aimseartha. Is uirlis iontach í an Intleacht Shaorga, ach caithfidh muid í a úsáid ar an bhealach cheart. Ba chóir dúinn an Intleacht Shaorga a úsáid go stuama.
Ach, cad is ciall le “stuama”. Bhuel, nuair a deirimid go gcaithfidh muid rud a dhéanamh go stuama, ciallaíonn sé sin go gcaithfidh muid é a dhéanamh go ciallmhar cúramach. Is é sin le rá go ndéanaimid machnamh ar an rud atá idir lámha againn, ní thugaimid faoi gan smaoineamh. In ionad gach rud a fheiceann tú ar líne a chreidbheáil láithreach, stad ar feadh bomaite agus smaoinigh: “An bhfuil sé seo fíor?” nó “An bhfuil sé seo sábháilte?”
Cuimhnigh ar na leideanna seo:
Ná roinn d’eolas pearsanta le róbait IS nó le strainséirí ar líne.
Bí cineálta i gcónaí agus tú ag scríobh teachtaireachtaí.
Iarr cuidiú ar dhuine fásta má fheiceann tú rud éigin a chuireann as duit.
Bímis go léir cliste, cineálta, agus thar aon ní eile, stuama ar líne i mbliana!
Ceisteanna
Cén dáta ar a mbeidh an Lá Sábháilteacht Idirlín ar siúl i mbliana?
Cad é an téarma Gaeilge ar 'Artificial Intelligence'?
Mínigh i d’fhocail féin cad is brí le bheith ‘stuama’ ar líne.
Cad é ba cheart duit a dhéanamh má fheiceann tú rud éigin ar líne a chuireann as duit?
Tabhair dhá shampla de rudaí a úsáideann an Intleacht Shaorga.
Le plé nó le déanamh
Dear do Róbat Stuama: Tarraing pictiúr de róbat IS. Scríobh trí riail thábhachtacha thart timpeall air a chuidíonn leis fanacht sábháilte ar an idirlíon (m.sh. "Ní roinnim mo phasfhocal").
Fíor nó Bréagach?I ngrúpaí beaga, cruthaigh trí ráiteas faoin idirlíon. Caithfidh an chuid eile den rang buille faoi thuairim a thabhairt an bhfuil an t-eolas sin 'Fíor' nó 'Bréagach'. Pléigh cén fáth nach féidir gach rud ar líne a chreidbheáil.
An Meaisín Ama:Smaoinigh ar an bhliain 2030. Cén cineál 'Teicneolaíocht Chliste' a bheidh againn faoin am sin? Scríobh alt gairid faoi agus tarraing léaráid de ghléas nua agus mínigh an dóigh ar féidir é a úsáid go sábháilte.
Póstaer an ranga: Cruthaigh póstaer mór don scoil leis an mhana: 'Teicneolaíocht Chliste, Roghanna Sábháilte'. Bain úsáid as dathanna geala agus focail ghníomhacha mar ‘Smaoinigh’, ‘Seiceáil’, ‘Cuidigh’, srl..