‘Tarraingíonn scéal scéal eile’ – COMÓRTAS AN TUAIRISCEORA SCOILE!

Dé hAoine, an 30ú Eanáir 2026

Tá seanfhocal beag simplí againn an tseachtain seo. Baineann sé leis an dúil atá ag na Gaeil, riamh anall, sa scéalaíocht. An rud a chiallaíonn sé ná gur minic a spreagann scéal amháin, scéal eile. Nuair a chluineann tú scéal nó nuacht ó dhuine amháin, is minic a chuireann sé scéal eile nó nuacht eile a chuala tú féin i gcuimhne duit. Tugann sé seo deis duitse do scéal féin a insint!

Bhuel, le linn mhí Feabhra agus mí an Mhárta ar NuachtAnois, beidh deis agaibhse bhur scéal féin a insint! Beidh ‘Comórtas an Tuairisceora Scoile’ á reáchtáil againn. 


Is focal eile é tuairisc ar eolas, nó scéal faoi rud a tharla nó faoin áit a bhfuil duine nó faoin chaoi a bhfuil ag éirí leis nó léi – nuacht, go díreach. Tugaimid tuairisceoir ar na daoine a chuireann na scéalta nuachta seo le chéile.

Tá muidne ag iarraidh oraibhse bhur dtuairisc nuachta féin a chur le chéile agus a sheoladh isteach chugainne. Má tá inspioráid de dhíth oraibh faoin chineál tuairisce a thiocfadh libh a scríobh, níl le déanamh agaibh ach amharc ar an nuachtliosta ar NuachtAnois, agus ar na cineálacha scéalta a scríobh muidne – tarraingíonn scéal scéal eile!

Tarraingíonn scéal scéal eile – tarraing inspioráid ó cheann de na hailt s’againne!


Thiocfadh libh tuairisc a scríobh faoi rud a tharla nó a bheas ag tarlú sa scoil nó sa phobal s’agat, nó i do cheantar. Thiocfadh libh alt a scríobh faoin chaitheamh aimsire is fearr leat nó faoi rud (nó duine, nó ainmhí) a bhfuil an-dúil nó an-spéis agat ann. Cad é faoi eolas a thabhairt ar rud éigin atá ag tarlú sa nuacht áit éigin ar domhan, nó cur síos a dhéanamh ar cheist mhór a mothaíonn tú an-láidir faoi? Is leatsa an rogha – cuirfidh muidne fáilte roimh gach sórt tuairisce!


📝 Déan do chuid taighde ar dtús – bailigh na fíricí uilig a bheas de dhíth ort.

📝 Déan plean – cad é mar a thosóidh tú an t-alt? Cad iad na príomhphointí ba mhaith leat a dhéanamh? Cad é mar a chríochnóidh tú an t-alt?

📝 Scríobh dréacht agus taispeáin don mhúinteoir é. Beidh an múinteoir ábalta cuidiú leat leis an litriú.

📝 Scríobh an t-alt ar Word, nó Pages, nó Google Docs (nó do rogha próiseálaí focal eile) agus seol tríd an ríomhphost é chuig nuacht@aisaonad.org.

📝 Thig leat pictiúr nó dhó a cheangal, más mian leat.

Thig leat taifeadadh fuaime a chur leis an alt más mian leat


Má bhíonn tú ag mothú iontach cruthaitheach – thiocfadh leat scáileán glas a úsáid agus físeán a sheoladh isteach!


Déan cinnte de go gcuireann tú isteach d’ainm, d’aois agus ainm do scoile le do thuairisc – le go dtig linn teagmháil a dhéanamh leat.

Foilseoidh muidne na tuairiscí is fearr ar NuachtAnois agus beidh duais ann don tuairisc is fearr ag deireadh mhí an Mhárta.

Ádh mór oraibh!

Cuirfidh muid fáilte roimh gach sórt tuairisce! Cuirfidh muid físeán suas go luath ina mbeidh níos mó leideanna le cuidiú leat d’alt féin a scríobh.


meas