Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?
(le Brídín Ní Dhonnghaile)
Le cúpla bliain anuas, tá lá eile saoire bainc ag lucht an deiscirt. Mar gheall ar lá saoire bainc a bheith ainmnithe do naomhphátrún na hÉireann, Pádraig, cheana féin, socraíodh lá ceiliúrtha a chruthú do Bhríd, naomh eile atá iontach tábhachtach sa tír seo. Déantar an lá saoire bainc nua seo a cheiliúradh ar an Luan is cóngaraí do 1 Feabhra.
(Mórshiúl na mBan i mBaile Átha Cliath, Feabhra 2025, mar chuid de cheiliúradh La Saoire Bainc na Féile Bríde - pic le Brendain Donnelly/Shutterstock.com)
Tá neart traidisiún thart ar Lá Fhéile Bríde agus, mar a tharlaíonn, bhí ceann speisialta ag mo theaghlach féin. Baisteadh mo mháthair agus mé féin as Bríd agus, mar sin de, bhí traidisiún ar leith inár dteach. Tráthnóna an 31 Eanáir, rachainn féin agus mo mháthair amach chuig scioból ar chúl an tí chun na luachra a ghearr m’athair níos luaithe a bhailiú. Ba mhinic iad in dhá mhála mhóra móna. Thóg muid ceann an duine agus ar aghaidh linn chuig cúldoras an tí. Bhuail muid cnag ar an doras agus chuala muid, ‘Fáilte isteach, a Bhríd’.

Bhí ochtar páistí agus mo thuismitheoirí ina gcónaí sa teach agus bheadh spás mór cruthaithe os comhair na tine do na luachra. Chaith muid uilig tráthnónta galánta thar na blianta ag cruthú crosóga Bhríde. Is cuimhin liom agus mé óg go raibh ar dheartháir nó ar dheirfiúr an bealach leis na crosóga a dhéanamh a theagasc dom arís gach bliain mar ba mhinic go raibh sé dearmadta agam ón bhliain roimhe. Ach, de réir a chéile, chuimhnigh mé ar na céimeanna agus ar aghaidh liom. Rinne muid i bhfad níos mó ná mar a bhí de dhíth orainn féin agus thug muid iad dár gcomharsana, dár gcairde agus dár múinteoirí scoile.

Is é an nós a bhíonn ag daoine ná na crosóga a chrochadh thar dhoirse sa teach agus in aon fhoirgneamh seachtrach a bhíonn ann. Déantar seo mar creideann muintir na hÉireann go dtugann Bríd agus a crosóga cosaint do na daoine sa teach agus do na hainmhithe sna sciobóil.

De réir a chéile, d’fhás muid uilig aníos agus d’imigh muid ón bhaile. Leanann muid uilig an traidisiún, áfach, ar ár ndóigheanna féin. I roinnt teaghlach, tugadh Bríd mar dhara ainm ar pháiste agus is iad na páistí sin a bhuaileann cnag ar dhoras an tí agus a ghlacann na luachra isteach. Déanann cúpla deartháir ceardlann crosóg do dhaoine ina gceantar féin. Domsa, lean mé leis an traidisiún le linn mo bhlianta teagaisc agus ba phléisiúr é scil na gcrosóg a theagasc don chéad ghlúin eile.

Ceisteanna
Le plé agus le déanamh