Séasúr an fhliú agus an tslaghdáin

Dé Céadaoin, an 28ú Eanáir 2026


Is gnách go mbíonn an fliú agus an slaghdán ag dul thart sa gheimhreadh. San aimsir fhuar, is minic a chluineann tú daoine ag casachtach agus ag sraothartach, nó bíonn a srón ag sileadh. Seans gur chuala tú daoine fásta ag caint faoi bheith tinn nó b’fhéidir go raibh tú féin tinn. Fáilte go dtí séasúr an fhliú agus an tslaghdáin!

Ag sraothartach

Víris is cúis leis an slaghdán agus leis an fhliú. Is féidir iad a thógáil am ar bith sa bhliain ach bíonn siad i bhfad níos coitianta sa gheimhreadh. Tá roinnt cúiseanna leis sin:

1. Is féidir leis na víris spré níos fusa san aer fuar tirim.

2. Is féidir leis na víris spré níos fusa má bhíonn daoine istigh le chéile.

3. Ní bhíonn cosaint an choirp chomh láidir in éadan na víreas san aer fuar tirim.

Casacht

Bíonn siomptóim an dá ghalar cosúil lena chéile ach bíonn fliú níos troime ar dhaoine agus is féidir é a bheith contúirteach ag daoine áirithe. Sa dá ghalar, bíonn tuirse ar dhaoine, bíonn an sceadamán nimhneach, an tsrón ag sileadh agus daoine ag casachtach. I gcás an tslaghdáin, is minic a bhíonn daoine ag sraothartach chomh maith. Tagann fiabhras leis an fhliú, mar aon le pianta sna matáin agus tinneas cinn.

Éiríonn tú te leis an fhiabhras

Cionn is go mbíonn an fliú contúirteach do dhaoine áirithe, bíonn vacsaín ar fáil. Mar shampla, bíonn vacsaín ar fáil gach bliain do dhaoine aosta. Is é an rud a dhéanann vacsaín fliú ná go dtugann sé sampla den chineál fliú don chorp le go dtiocfadh leis bheith níos ullmhaithe le troid ina éadan. Ní thugann sí an fliú duit, áfach, ní bhíonn ann ach rud atá cosúil leis. Leis an eolas seo, bíonn an corp níos ábalta troid in éadan an fhliú agus ní bhíonn an tinneas chomh holc ort is a bheadh gan é.

Vacsaín a fháil


Ceisteanna:

1. Cén t-am den bhliain is coitianta an fliú agus an slaghdán teacht ar dhaoine?

2. Cad iad na comharthaí den tinneas a chluineann tú ó dhaoine a bhfuil an slaghdán nó an fliú orthu?

3. Cad é go díreach is cúis leis an fhliú agus an slaghdán?

4. Luaigh dhá chúis a mbíonn na víris níos coitianta sa gheimhreadh.

5. Cad iad na difríochtaí idir siomptóim an fhliú agus siomptóim an tslaghdáin?

6. An dtugann an vacsaín an fliú duit?


Meaitseáil an focal leis an mhíniú cheart

Cliceáil ar fhocal ar dtús, ansin cliceáil ar an mhíniú cheart.


Sraothartach
Vacsaín
Fiabhras
Víreas
Rud a chuidíonn leis an chorp troid in éadan galair
Rud an-bheag a chuireann tinneas ar dhaoine
Nuair a mhothaíonn tú an-te
Nuair a thagann aer amach as do shrón go tobann

Le déanamh:

An raibh an fliú nó an slaghdán ort riamh? Déan liosta de na siomptóim a bhí ort. Cuir na siomptóim i gcomparáid le cara a raibh an fliú nó an slaghdán orthu.



meas