Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?
Is mamach é an séabra a bhaineann le fine na gcapall. Tá na séabraí cáiliúil ar fud an domhain mar gheall ar an chuma stríocach atá orthu. Is ainmhithe fiáine iad a thagann ón Afraic. Ní bhíonn siad le fáil áit ar bith eile, ach amháin i zúnna.

Tá corp an tséabra clúdaithe le stríoca dubha agus bána. Tá cluasa móra orthu (níos mó ná mar atá cluasa na gcapall) agus is féidir leo iad a thiontú thart i ngach treo. Tá fionnadh gairid righin ar an mhuineál acu. (Tugtar moing air sin.) Tá a súile ar thaobh a gcloiginn agus tugann seo radharc leathan dóibh den domhan atá thart orthu.

An raibh a fhios agat go bhfuil patrún difriúil ar gach uile séabra? Ar an dóigh sin, tá na stríoca s’acu go díreach cosúil le méarloirg daoine!

Cónaíonn séabraí i ngrúpaí móra ar fhéarach na hAfraice. Is luibhiteoirí iad, rud a chiallaíonn nach n-itheann siad ach plandaí. Caitheann siad an chuid is mó den lá ag ithe féir, duilleoga agus, in amanna, coirt chrann.

Ní bhíonn saol furasta ag an séabra san fhiántas mar go mbíonn leoin agus hiéanaí sa tóir orthu. Úsáideann na séabraí a gcuid stríoc chun iad féin a chur i bhfolach san fhéar ard fhada. Cleas cliste eile a bhíonn acu le héalú ó chreachadóirí ná rith ar shiúl le chéile. Nuair a ritheann grúpa séabraí le chéile, cuireann na stríoca mearbhall ar na creachadóirí!

Bíonn ar na séabraí bheith airdeallach i rith an ama. Ní minic a luíonn siad síos. Is fearr leo fanacht ina seasamh ar eagla go dtiocfadh creachadóir aniar aduaidh orthu. (Fanann siad ina seasamh agus iad ina gcodladh fiú!) Tá cic iontach láidir acu fosta, rud a úsáideann siad chun iad féin a chosaint má éiríonn le creachadóir teacht cóngarach dóibh.
(leon agus í ag iarraidh teacht aniar aduaidh ar ghrúpa séabraí)
Nach ainmhithe thar a bheith suimiúil iad na séabraí!
Ceisteanna
Le plé agus le déanamh: