Lá Cuimhneacháin an Uileloiscthe 2026

Dé Luain, an 26ú Eanáir 2026


Gach bliain, ar an 27ú Eanáir, bíonn comóradh speisialta ann ar fud an domhain. Is comóradh sollúnta é i gcuimhne ar na 6 mhilliún Giúdach agus dreamanna eile a fuair bás le linn Hitler agus na Naitsithe. I gcás na nGiúdach agus na Romach, rinne na Naitsithe cinedhíothú orthu. Is é an chiall atá le ‘cinedhíothú’ ná gur mharaigh siad gach duine orthu cionn is gur Giúdaigh agus Romaigh iad.

B’éigean do na Giúdaigh réalta bhuí agus ‘Jude’ scríofa air a chaitheamh

Ciallaíonn ‘loscadh’ rud a dhó i dtine agus ciallaíonn ‘uile’ ‘gach’. Mar sin, san Uileloscadh, rinne siad iarracht na pobail sin a scriosadh go hiomlán. Thóg na Naitsithe sluachampaí leis na daoine seo a choinneáil. Ní bhfuair siad mórán bia agus bhí orthu obair go crua. Fuair cuid acu bás mar sin. Ach bhí plean níos gránna ag na Naitsithe.

Ní raibh mórán spáis sna sluachampaí

Thug na Naitsithe ‘An Réiteach Deireanach’ ar an phlean seo. An ‘fhadhb’ a bhí ann ná na Giúdaigh agus an réiteach a bhí acu ná iad uilig a mharú. Thóg siad seomraí gáis leis na daoine seo a mharú agus, ansin, dhóigh siad na coirp.

Na Naitsithe

Ar an 27ú Eanáir, tháinig na Rúisigh go sluachampa Auschwitz-Birkenau, an sluachampa ba mhó ina bhfuair níos mó ná milliún duine bás, páistí san áireamh. Shaor siad na daoine a bhí fágtha agus sin an fáth a bhfuil an dáta seo ag Lá Cuimhneacháin an Uileloiscthe – an lá a chuimhnímid ar an Uileloscadh.

Déantar an lá a chomóradh gach bliain

Bhí a fhios ag daoine sa Ghearmáin go raibh an marú seo ag dul ar aghaidh ach ní dhearna mórán daoine rud ar bith faoi. Seans go raibh eagla orthu go gcuirfeadh na Naitsithe sa sluachampa iad. Ach tá an lá speisialta seo ann sa dóigh nach féidir lena leithéid tarlú arís.

Adolf Hitler, ceannaire na Naitsithe

Ar an drochuair, tharla cinedhíothú ina dhiaidh sin agus tá sé ag tarlú go dtí an lá inniu. Mar sin, ceann de na ceachtanna atá le tógáil as an lá, taobh amuigh den ómós do na daoine a fuair bás, ná nach dtarlódh sé arís. Beidh orainn uilig bheith ar an airdeall faoin dóigh ar féidir cinedhíothú tarlú agus bheith sásta cur ina éadan má fheicimid é ag tosú.


Ceisteanna:

1. Cá huair a bhíonn Lá Cuimhneacháin an Uileloiscthe gach bliain?

2. Cá mhéad Giúdach a fuair bás le linn ré Hitler agus na Naitsithe?

3. Cad é an chiall atá leis an téarma ‘cinedhíothú’?

4. Cad é ‘An Réiteach Deireanach’ atá luaite sa téacs?

5. Cad é a tharla ar an 27ú Eanáir in Auschwitz-Birkenau?


Le déanamh:

Léigh scéal Anne Frank a maraíodh in Auschwitz-Birkenau anseo.


Le plé:

Cad é a shíleann tú faoin mhana ‘Ná tarlaítear arís é?’ An gá dúinn bheith airdeallach? Cén dóigh a dtiocfadh linn na comharthaí go dtarlóidh cinedhíothú a aithint? An bhfuil céimeanna ann?


Pictiúir:

Cimí in Auschwitz-Birkenau: Sergii Figurnyi / Shutterstock.com

Auschwitz-Birkenau: Sophie Burgess / Shutterstock.com

Hitler: Andreas Wolochow / Shutterstock.com

Cuimhneachán: Grabowski Foto / Shutterstock.com

Naitsithe ag Nürnberg: Everett Collection / Shutterstock.com


meas