Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Is seanfhocal é seo a thugann orainn bheith ag smaoineamh ar an mhéid atá againn sa saol. Bíonn sé de nós againn, go rómhinic, bheith ag gearán faoi na rudaí nach bhfuil againn, in áit bheith buíoch as na rudaí uilig atá againn. Seans go mbíonn an dearcadh diúltach seo chun cinn níos mó ag an am seo den bhliain, agus an aimsir fuar fliuch feanntach taobh amuigh!
Bíodh smaointe dearfacha againn agus bímis buíoch as gach rud atá againn!
Is é atá i gceist leis an ‘leathbhuilín’, ar ndóigh, ná leath-bhuilín aráin. Má tá leathbhuilín aráin agat, tá sé sin i bhfad níos fearr ná gan arán ar bith a bheith agat! I gCúige Mumhan, deir siad, ‘Is fearr leathbhairín ná bheith gan arán’. Is focal eile ar bhuilín aráin é ‘bairín’. (Tugaimid bairín breac, ar ndóigh, ar an arán donn a ithimid Oíche Shamhna.)
Bairín breac – arán a itheann daoine Oíche Shamhna, go háirithe
Cá mbeadh muid gan arán? Is fearr leathbhuilín a bheith againn ná arán ar bith, go cinnte! (Siopa i nGort an Choirce, Dún na nGall)
Bhuel, le nach mbeidh sibhse gan arán, agus le dearcadh níos dearfaí ar an saol a thabhairt daoibh sa mhí is duairce den bhliain, tá oideas beag simplí againn a chuideoidh libh arán sóide blasta a dhéanamh.
🍞Arán Sóide Blasta

⏱️ Am
Ullmhúchán: 10 mbomaite
Bácáil: 35-40 bomaite
Iomlán: thart ar 50 bomaite
(😋 Ithe: ní mhairfidh sé rófhada!)
De dhíth
Babhla measctha mór
Tráidire bácála
Spúnóg adhmaid (nó forc mór)
Páipéar bácála – thig leat brat éadrom plúir a chur ar an tráidire bácála mura mbíonn páipéar agat.
Oigheann 🧑🧒
Scian ghéar 🧑🧒
Scian aráin 🧑🧒
Miotóga Oighinn 🧑🧒
🛒 Comhábhair
500g de phlúr geal
1 taespúnóg de shalann
1 taespúnóg de shóid aráin
400ml de bhláthach

🔥Sula dtosaíonn tú…
Téigh an t-oigheann go dtí 200ºC (nó 180ºC má tá feanoigheann agat).
Cuir leathán de pháipéar bácála ar an tráidire bácála (nó brat éadrom plúir mura bhfuil páipéar bácála agat).
👩🍳 Céimeanna
1️⃣ (2 bhomaite)
Cuir an plúr, an salann agus an tsóid aráin isteach sa bhabhla agus measc le chéile iad leis an spúnóg adhmaid. Déan cinnte de go mbíonn siad measctha go maith.
Measc an plúr, an salann agus an tsóide aráin
2️⃣ (2 bhomaite)
Cuir isteach an bhláthach. Corraigh nó suaith gach rud go deas réidh leis an spúnóg go dtí go mbíonn taos bog greamaitheach agat. Ná corraigh rófhada é!
Doirt isteach an bhláthach
3️⃣ (3 bhomaite)
Cuir rud beag plúir ar do lámha (le nach ngreamóidh an taos díobh). Múnlaigh an taos i gcruth builín aráin. Thig leat builín dronuilleogach nó builín ciorclach a dhéanamh. Cuir ar an tráidire bácála é.
Múnlaigh an taos i gcruth an bhuilín aráin
4️⃣ (1 bhomaite – le cuidiú ó dhuine fásta)
Gearr cros dhomhain ar bharr an taois leis an scian ghéar (cuidíonn sé seo leat lár an aráin a chócaráil i gceart).
Cuir an taos ar thráidire bácála agus gearr cruth croise air
5️⃣ (35–40 bomaite)
Cuir an taos san oigheann. Fág istigh é go mbíonn dath deas órdhonn air. (Leid: má chnagann an duine fásta ar an taobh thíos den arán agus má bhíonn fuaim tholl ann – beidh a fhios agat go bhfuil sé réidh.)
Bain sult as!
🍽️ I ndiaidh daoibh é a thógáil amach as an oigheann…
Lig dó fuarú cúpla bomaite.
Gearr ina shlisíní é agus cuir im air (agus subh mhilis, más mian leat!)
Bain súp as! (Nó ith le súp é!)
💡 Nod beag…
Bíonn ort bheith gasta leis an mheascán chomh luath is a chuireann tú an bhláthach isteach nó éiríonn sé róghreamaitheach agus ró-ghlaeúil.
Is fearr an t-arán a ithe an lá a ndéanann tú é – ní mhaireann sé go rómhaith.
Fuair muid an t-oideas seo ó Ghaelscoil Aodha Rua i nDún Geanainn, Contae Thír Eoghain…
Rinne siadsan an t-arán sóide seo nuair a bhí lá fliuch ann amuigh, níos luaithe an tseachtain seo agus thóg sé a gcroí!
Le plé
🍞 Cad é a chiallaíonn ‘dearcadh dearfach’? Mar rang, labhraígí faoi dhaoine a bhíonn ag iarraidh rudaí dearfacha a fheiceáil i ngach rud, go fiú mura mbíonn gach rud ag dul go maith dóibh.
🍞 An síleann tú gur duine dearfach thusa? Cén fáth?
🍞 Tugann an t-alt le tuiscint go bhfuil sé níos deacra bheith dearfach sa gheimhreadh, nuair a bhíonn drochaimsir ann. An aontaíonn tú leis sin? Cén fáth?
🍞 Cén fáth, dar leat, a bhfuil sé níos fearr díriú ar na rudaí atá againn, in áit bheith ag smaoineamh barraíocht ar na rudaí nach bhfuil againn?
🍞 Déan liosta de chúig rud mhaithe atá agat inniu.
Bia Blasta
An maith leatsa bheith ag cócaráil nó ag bácáil? An dtig leat oideas beag simplí de do chuid féin a roinnt le pobal NuachtAnois? Seol isteach chugainn é chuig nuacht@aisaonad.org agus b’fhéidir go roinnfeadh muid le gach duine eile é!
