An Cruidín

Déardaoin, an 22ú Eanáir 2026

(le Brídín Ní Dhonnghaile) 

Tá an cruidín ar cheann de na héin is dathúla agus is tarraingtí dá bhfuil le feiceáil in Éirinn.

(cruidín)


Is minic a fheictear iad cóngarach d’uisce (abhainn, loch nó canáil, mar shampla). Is é an cruidín is minice a fheictear in Éirinn ná an cruidín coitianta (alcedo atthis). Gidh go bhfuil sé beag, thart faoin mhéid céanna le gealbhan, tá sé furasta é a aithint mar gheall ar na cleití ildaite.

(gealbhan)


Tá cleití gealghorma agus glasghorma ar a dhroim agus ar a sciatháin. Tá cleití flannbhuí ar a bholg agus tá gob fada dubh air. Nuair a eitlíonn sé go híseal thar uisce, tá sé cosúil le splanc ghorm.


Cónaíonn cruidíní cóngarach d’uisce mar is ansin a fhaigheann siad a gcuid bia. Itheann siad éisc bheaga den chuid is mó, ach itheann siad feithidí beaga agus ainmhithe beaga uisce chomh maith.


Is maith leis an chruidín suí go socair ar ghéag thar an uisce nó ar charraig ar bhruach na habhann. Nuair a fheiceann sé iasc, tumann sé go gasta isteach san uisce, faigheann sé greim ar an iasc lena ghob fada géar agus eitlíonn sé ar ais chuig an ghéag nó chuig an charraig. Bíonn na cruidíní le feiceáil níos minice in oirthear an oileáin seo. Is féidir go dtitfeadh líon na gcruidíní i ndiaidh an gheimhridh, ar an ábhar nach dtig leo breith ar éisc mar gheall ar lochanna a bheith reoite.

(lochán reoite)


Is tochaltóirí iontacha iad chomh maith. Déanann siad tolláin fhada a thochailt isteach i mbruach na habhann chun nead a chruthú. Beireann an cruidín baineann a cuid uibheacha i spás beag ag fíordheireadh an tolláin. Tugann an daidí agus an mhamaí aire do na babaithe. Tugann siad bia dóibh go dtí go mbíonn na babaithe réidh le heitilt.

(cruidín ag teacht amach as tollán i mbruach na habhann)


Tá na héin seo iontach cúthail agus eitlíonn siad go han-ghasta. Is doiligh iad a fheiceáil. Má bhíonn tú iontach ciúin agus foighneach, seans go bhfeicfidh tú ceann taobh leis an uisce.


Is speiceas faoi chosaint iad na cruidíní in Éirinn. Bíonn siad ag brath ar uisce glan, ar stoc maith éisc agus ar bhruacha boga. Bíonn sé níos deacra acu bia a fháil má bhíonn an t-uisce salach. Is comhartha maith é go bhfuil an comhshaol folláin nuair a fheiceann tú cruidíní.


Síleann daoine an dúrud de na cruidíní leis na céadta bliain anuas. Is breá le healaíontóirí agus le scríbhneoirí iad mar gheall ar a ndathanna galánta agus mar gheall ar an eitilt iontach s’acu. Bíonn sé thar a bheith speisialta cruidín a fheiceáil, bíonn sé cosúil le seoid nádúrtha.


Tá súil agam go dtuigeann sibh mar léitheoirí cé chomh tábhachtach is atá sé aibhneacha agus lochanna a chosaint chun go bhfeicfidh na glúnta inár ndiaidh na héin ghalánta seo.


Ceisteanna

  1. Cad chuige a bhfuil sé furasta an cruidín a aithint?
  2. Cá mbíonn na cruidíní le feiceáil go hiondúil ?
  3. Luaigh dhá dhath atá ar chleití an chruidín.
  4. Cad é an príomhbhia a itheann an cruidín?
  5. Déan cur síos ar an bhealach a gceapann an cruidín éisc.
  6. Cad chuige a dtiteann uimhreacha na gcruidíní i ndiaidh an gheimhridh uaireanta?
  7. Cá ndéanann na cruidíní a nead?
  8. Cé a thugann aire do na héin óga?
  9. Cad chuige a bhfuil sé deacair cruidín a fheiceáil?
  10. Cad é a chiallaíonn sé nuair a fheiceann tú cruidín ó thaobh an chomhshaoil de?


Le plé agus le déanamh

🪶 Tarraing póstaer eolais faoin chruidín. Cuir san áireamh:

  • Cá gcónaíonn sé
  • Cad é a itheann sé
  • Cad chuige a bhfuil sé speisialta
  • Líníocht den chruidín


🪶 Samhlaigh gur cruidín thú féin. Scríobh iontráil dialainne faoi lá i do shaol in aice le habhainn.

Leideanna:

– Cá bhfuil tú i do chónaí?

– Cad é a fheiceann tú thart timpeall ort?

Cad é mar a fhaigheann tú do bhia?


🪶 Scríobh liosta beag (idir 3-5 rud) is féidir le daoine a dhéanamh chun:

  • aibhneacha agus lochanna a choinneáil glan
  • cuidiú leis an chruidín agus le hainmhithe eile


🪶 Déan taighde: Faigh éan eile in Éirinn a chónaíonn in aice le huisce.

Déan comparáid idir an t-éan sin agus an cruidín:

  • méid
  • dath
  • bia
  • baile

(Is féidir tábla simplí a úsáid.)


🪶 Ealaín & Gaeilge - Déan líníocht nó pictiúr de chruidín agus scríobh:

  • 3 aidiacht a dhéanann cur síos air
  • 1 abairt a mhíníonn an fáth a mbeifeá sásta cruidín a fheiceáil


meas