Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Déantar Lá Martin Luther King a cheiliúradh gach bliain i mí Eanáir. An lá inniu, an 19ú Eanáir, Lá MLK. Ar an lá seo, cuimhnímid ar Martin Luther King Jr, fear a d’oibrigh go cróga ar son daoine. Chaith sé a shaol ag iarraidh cearta daonna a bhaint amach do gach duine. Ag an am sin i Meiriceá, ní raibh cothrom na Féinne ag na daoine gorma. Ní raibh na cearta céanna acu agus a bhí ag daoine geala – ní raibh cead acu dul chuig áiteanna ar leith, chun tosaigh sa bhus, mar shampla.

Bhí aisling mhór ag King. Bhí sé ag iarraidh go mbeadh gach duine cothrom, ba chuma cén dath craicinn a bhí orthu nó cárbh as iad. Cé go raibh sé ag troid in éadan fuatha, labhair sé go cineálta agus chreid sé sa tsíocháin. D’eagraigh sé mórshiúlta le brú a chur ar an rialtas le rudaí a athrú.

Feachtas neamhfhoréigin a bhí i gceist. An chiall atá leis sin go mbeadh mórshiúl ann cé gur chuir na póilíní cosc air. Ligfeadh siad do na póilíní iarracht a dhéanamh stop a chur leis na daoine siúl agus shuífeadh siad síos ar an bhóthar. Fiú dá n-ionsódh na póilíní iad, ní dhéanfadh na daoine rud ar bith. Go bunúsach, ní bheadh troid ann. Shíl siad go mbeadh teachtaireacht mhorálta leis sin – d’fheicfeadh na daoine eile go raibh an ceart acusan agus go mbeadh ar an rialtas rudaí a athrú.
Níor fíoraíodh fís MLK go fóill . . .
Cé gur scaoil duine Martin Luther King marbh sa bhliain 1968, tá an teachtaireacht a bhí aige tábhachtach sa lá inniu. Múineann scéal Martin Luther King dúinn gur féidir le guth amháin athrú mór a dhéanamh. I 2026, is féidir le páistí aisling a bheith acu fosta — aisling de dhomhan níos fearr, níos cothroime agus níos cineálta. Ceann de na ráitis is mó a bhí ag King ná ‘Is féidir linn!’ Thig linn uilig an ráiteas sin a úsáid: ‘Is féidir liom cuidiú. Is féidir liom bheith cineálta. Is féidir liom difear a dhéanamh.’
Tá meas mór ar MLK i Stáit Aontaithe Mheiriceá go fóill
Ceisteanna:
1. Cad iad na rudaí a bhí Martin Luther King ag iarraidh a bhaint amach do dhaoine?
2. Cén dóigh a raibh saol na ndaoine gorma difriúil le saol na ndaoine geala ag an am sin i Meiriceá?
3. Cad é an chiall atá le ‘feachtas neamhfhoréigin’?
4. Cad é a tharlódh le linn na mórshiúlta nuair a dhéanfadh na póilíní iarracht iad a stopadh?
5. Cad é is féidir le páistí a fhoghlaim ó scéal Mar Luther King sa lá inniu?
Le plé:
Cad é an chiall atá le bheith ‘cothrom’, i do bharúil? Déan liosta de rudaí a shíleann tú atá tábhachtach.
An síleann tú gur féidir le páiste difear a dhéanamh sa domhan? Mar ghrúpa, smaoinígí ar liosta de rudaí is féidir libhse a dhéanamh leis an domhan a dhéanamh níos fearr.
Le déanamh:
Déan póstaer leis an teideal ‘Is féidir liom…’
Scríobh litir chuig Martin Luther King faoin dóigh a bhfuil rudaí sa domhan anois. An bhfuil an aisling a bhí aige fíor sa lá inniu? Mínigh dó na rudaí a fheiceann tú féin nach bhfuil ceart sa domhan faoi láthair.
Pictiúir:
Líníocht MLK: Jyotiai / Shutterstock.com
Black Lives Matter: Nicole Glass Photography / Shutterstock.com