Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?
Pic le Alex Photo Stock
Tá Minecraft ar cheann de na cluichí ríomhaire is mó tóir ar domhan. Is cluiche oideachasúil é a ligeann do dhaoine rudaí a chruthú – domhain iomlána – as bloic thógála. Taobh istigh de Minecraft, tá cuid mhór créatúr ann darb ainm móib-eanna (nó ‘mobs’, i mBéarla). Is giorrúchán é móib ar ‘neach móibíleach’ (nó ‘mobile entity’ – rud atá ábalta bogadh thart). In Minecraft, tá móibeanna cairdiúla ann agus tá móibeanna ann nach bhfuil chomh cairdiúil sin.
Tá roinnt móibeanna ann nach bhfuil chomh cairdiúil sin

Ciallaíonn neach duine nó ainmhí nó créatúr go fiú – beo nó neamhbheo! Is créatúr é neach atá ábalta bogadh thart. Bíonn a lán cainte ar neacha sna scéalta uafáis – neacha ón saol eile; agus sna scéalta ficsean eolaíochta – neacha ó phláinéid eile.
Neacha ón saol eile agus neacha ó phláinéad eile
Ar na móibeanna is clúití atá ag Minecraft – tá a gcuid ainmhithe. Tá ainmhithe feirme ann, amhail ba, muca, caoirigh agus sicíní. Bíonn na hainmhithe seo úsáideach nó cuidíonn siad leat agus tú ag imirt (agus thig leat iad a ithe fosta)! Tá ainmhithe eile ann amhail mic tíre agus cait. Thig leat na mic tíre a cheansú, ansin, leanann siad thart thú agus cosnaíonn siad thú ar na móibeanna míchairdiúla.
Nuair a cheansaíonn tú mac tíre, bíonn sé mar a bheadh madadh ann – is féidir na hainmhithe eile a ithe nó bainne a fháil uathu nó a gcraiceann a úsáid
Tá ainmhithe óga ann sa chluiche fosta. Go dtí seo, an t-aon difear a bhí eatarthu seo agus na hainmhithe fásta ná méid – tá na hóga níos lú agus déanann siad na fuaimeanna céanna leis na hainmhithe fásta fosta. Anois, áfach, tá sé sin le hathrú. Tá an fhoireann a dhéanann Minecraft i ndiaidh a fhógairt go bhfuil siad le cuma úr, níos gleoite, a chur ar na hainmhithe óga. Tá siad le fuaimeanna dá gcuid féin a fháil chomh maith.
Beidh cuma níos gleoite ar na hainmhithe óga
🐺 Tá an coileán mac tíre le cloigeann níos cruinne agus súile níos mó a fháil.
🐱 Tá an puisín le gluaiseachtaí níos leanbaí agus meamhlach bheag dá chuid féin a fháil.
🐥 Beidh na sicíní beaga níos clúmhaí agus beidh siad níos bríomhaire agus iad ag bogadh.
🐷 Beidh cosa níos giorra agus corp níos cruinne ag an bhanbh.
🐑 Beidh an t-uan níos lú agus níos gleoite.
🐄 Beidh an lao níos cosúla le fíor-lao. Leanfaidh sé na ba fásta thart agus beidh cloigeann níos mó aige.
🐰 Beidh an patachán coinín níos súgraí. Preabfaidh na patacháin níos gasta agus beidh sé níos deacra iad a cheapadh.
Ní hamháin sin, beidh tú ábalta ainm de do chuid féin a thabhairt na hainmhithe is fearr leat – mar a bheadh do pheata féin ann. Bhí roinnt imreoirí ábalta triail a bhaint as na hathruithe seo cheana ach níor dhúirt Minecraft cá huair a bheadh na hóga úra ar fáil don phobal ar fad. Ach, má chluinimid scéal, coinneoidh muid ar an eolas sibh!
Na sicíní nua
Ceisteanna Tuisceana
Le plé
🟦 An síleann tú go ndéanann na hainmhithe óga nua an cluiche níos suimiúla? Cén fáth nó cén fáth nach ndéanann?
🟦 An imríonn tú féin Minecraft? Cad é is maith leat faoin chluiche?
🟦 Mura n-imríonn, cén fáth?
Le déanamh
🟩 Déan liosta de na hóga sa scéal. Ansin, scríobh an t-ainm atá ar an ainmhí fásta in aice leis.
🟩 Déan liosta de na haidiachtaí san alt seo. Mar rang, an dtig libh smaoineamh ar aidiachtaí eile le cur síos a dhéanamh ar ainmhithe óga?
🟩 *Más mian libh dúshlán – tá go leor aidiachtaí san alt seo sa bhreischéim (níos …) – an dtig libh na haidiachtaí ar an liosta s’agaibhse a chur sa bhreischéim?
🟩 Caith súil ar an seó sleamhnán seo (do léitheoirí níos óige) faoi ainmhithe óga coitianta.