Tinn sa spás

Dé Máirt, an 13ú Eanáir 2026


Cad é a tharlaíonn duit má bhíonn tú tinn ar an Stáisiún Spáis Idirnáisiúnta? Ní thig leat fios a chur ar an otharcharr, nó fiú ar otharlong nó bheifeá ró-fhada ar shiúl. Cé nach bhfuil an Stáisiún Spáis ach 408km os cionn an Domhain, glacann sé tamall ar NASA roicéad a eagrú le dul ann. De ghnáth, téann daoine suas ar mhisean agus bíonn méid ama faoi leith le fanacht acu.

An Stáisiún Spáis Idirnáisiúnta

Den chéad uair, áfach, tá ar NASA cuid den chriú a thabhairt ar ais go luath. Cé nach ‘éigeandáil’ é seo, deir NASA gur gá é a dhéanamh cionn is go bhfuil drochbhail ar dhuine. Bhí mí eile le déanamh ag an mhisean seo ach tá súil ag NASA an criú a thabhairt ar ais go dtí an Domhan chomh luath leis an Déardaoin bheag seo. Tá súil acu go mbeidh tuirlingt ar uisce acu amach ó chósta California.

Criú-11: (chun tosaigh) Mike Fincke agus Zena Cardman, (ar gcúl) Oleg Platonov agus Kimiya Yui.

Faoi láthair, tá seachtar ag obair sa Stáisiún Spáis Idirnáisiúnta, triúr as Meiriceá, duine as an tSeapáin agus triúr as an Rúis. Criú de cheathrar a bheidh ag teacht ar ais an tseachtain seo, an criú a chuaigh ann i mí Lúnasa anuraidh.

Bíonn trealamh bunúsach mar aon le hábhar leighis ar an Stáisiún Spáis Idirnáisiúnta. Chomh maith leis sin, thig le dochtúirí labhairt leis an chriú ach bíonn teorainn leis an mhéid is féidir le dochtúir a dhéanamh 408km ar shiúl!

Criú-11 ag traenáil

Tá daoine ina gcónaí sa Stáisiún Spáis gan stad ón bhliain 2000 ag déanamh taighde faoin dóigh a n-oibríonn rudaí gan éifeacht na domhantarraingte ann. Téann sé thart ar an Domhan 16 uair sa lá ar luas 28,000km san uair. Sin beagnach 8km sa soicind!

Paiste Chriú-11


Ceisteanna:

1. Cad é an fhadhb mhór má éiríonn duine tinn ar an Stáisiún Spáis Idirnáisiúnta?

2. Cé chomh hard os cionn an Domhain atá an Stáisiún Spáis?

3. Cá mhéad duine san iomlán atá ag obair ar an Stáisiún Spáis faoi láthair?

4. Cá mhéad tír as a dtagann an criú atá ar bord faoi láthair?

5. Cé chomh minic a théann an Stáisiún Spáis thart ar an Domhan gach lá?


Le plé:

Cad é eile is féidir dul mícheart agus tú sa spás? Cuir an liosta in ord tábhachta. Cad iad na rudaí is féidir a dhéanamh le nach ndéanfaidh na rudaí seo dochar ró-mhór?


Mata sa spás:

1. Téann an Stáisiún Spáis thart ar an Domhan 16 uair sa lá. Cá mhéad bomaite a ghlacann sé air dul thart uair amháin?

2. Cá mhéad uair a théann sé thart ar an Domhan i gceann 2 lá? Agus i gceann seachtaine?


Le déanamh:

Léigh tuilleadh faoin Stáisiún Spáis idirnáisiúnta anseo.]


Pictiúir:

Fuinneog ón Stáisiún Spáis Idirnáisiúnta: BobNoah / Shutterstock.com

Criú-11: NASA/Robert Markowitz

Criú-11 ag traenáil: NASA

Stáisiún Spáis: NASA


meas