Nuacht an Domhain

Dé Luain, an 12ú Eanáir 2026


Bhí Veiniséala agus an Ghraonlainn go mór sa nuacht le seachtain anuas. San alt seo, amharcfaimid ar an dá thír seo agus cad chuige a bhfuil siad i mbéal an phobail an oiread sin le tamall.

Veiniséala

Is tír mhór é Veiniséala atá suite i dtuaisceart Mheiriceá Theas. Tá sé chóir a bheith milliún ciliméadar cearnach, sin breis agus deich n-uaire níos mó ná Éire! Tá 29 milliún duine ina gcónaí ann agus thart ar 3 mhilliún acu sin ina gcónaí sa phríomhchathair, Caracas. Labhraíonn an chuid is mó de na daoine Spáinnis cé go bhfuil 29 teanga eile sa tír. Tá foraoisí agus sléibhte arda sa tír agus is ann atá Eas Angel, an t-eas is airde ar domhan.

Caracas, príomhchathair Veiniséala

Ní maith le Donald Trump, Uachtarán na Stát Aontaithe, an rialtas atá i gceannas ar Veiniséala. Chomh maith leis sin, tá a lán ola ag Veiniséala agus ba mhaith leis í a bheith aige. Mar sin, ar an 3ú Eanáir, rinne fórsaí na Stát Aontaithe ionsaí ar an tír agus thóg siad an tUachtarán, Nicolás Maduro. Tá sé anois á choinneáil i Nua-Eabhrac agus cuireadh os comhair cúirte é. Ba mhaith le Trump go mbeadh tionchar níos mó aige ar rialtas Veiniséala agus bhagair sé tuilleadh ionsaithe mura n-éisteann an rialtas leis.

Nicolás Maduro


An Ghraonlainn

Is tír thar a bheith mór í an Ghraonlainn atá suite ó thuaidh, cóngarach don Artach. Tá sí ar an oileán is mó ar domhan, níos mó ná dhá oiread chomh mór le Veiniséala, nó thart ar 22 oiread chomh mór le hÉirinn! Is tír iontach fuar í agus bíonn cuid mhór den tír clúdaithe le hoighear agus sneachta. Ní chónaíonn mórán daoine sa tír, gan ach 57,000 duine ann, agus cuid mhór acu sa phríomhchathair, Nuuk. Go hoifigiúil, is leis an Danmhairg an tír ach tá cead ag muintir na Graonlainne a gcuid dlíthe féin a dhéanamh.

Nuuk, príomhchathair na Graonlainne

Tá teanga dá gcuid féin acu, Graonlainnis, nó Kalaallisut, mar a thugtar uirthi sa tír.

Ba mhaith le Donald Trump seilbh a fháil ar an Ghraonlainn. Síleann sé go bhfuil an tír sin iontach tábhachtach do na Stáit Aontaithe cionn is go bhfuil sí in aice leis an Rúis. Dá mbeadh an Ghraonlainn aige, bheadh sé ábalta súil a choinneáil ar an Rúis. Chomh maith leis sin, tá rudaí luachmhara faoin talamh sa Ghraonlainn. An fhadhb atá ann ná nach bhfuil an Danmhairg sásta í a thabhairt dó agus gurbh fhearr le cuid mhaith de mhuintir na Graonlainne bheith saor ón Danmhairg agus ó Mheiriceá.

Donald Trump


Ceisteanna:

1. Cad iad an dá thír atá luaite sa scéal.

2. Cad é príomhchathair Veiniséala?

3. Cén teanga dhúchasach atá sa Ghraonlainn?

4. Cad chuige a bhfuil Veiniséala tábhachtach do Donald Trump? Tabhair dhá chúis.

5. Cad chuige a bhfuil an Ghraonlainn tábhachtach do Donald Trump? Tabhair dhá chúis.


Le plé:

Cé acu tír a shíleann tú atá níos suimiúla, Veiniséala nó an Ghraonlainn? Cén fáth? Ar mhaith leat cónaí i dtír iontach fuar nó i dtír iontach te? Cad iad na rudaí is tábhachtaí faoi thír?


Pictiúir:

Caracas: Tomasz Podolski / Shutterstock.com

Nicolás Maduro: StringerAL / Shutterstock.com

Donald Trump: Evan El-Amin / Shutterstock.com


meas